Méid an Téacs

COMHDHÁIL TAIGHDE UILE-OILEÁNDA AR AN TUMOIDEACHAS

Bealtaine 2, 2018

AN TUMOIDEACHAS: DEISEANNA AGUS DEA-CHLEACHTAIS

Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach     

18 – 19 Bealtaine 2018

CLÁRÚCHÁN AR SIÚL ANOIS AG www.tumoideachas.ie
Bhí an-rath ar an gcéad chomhdháil a reáchtáladh in 2015, agus beidh an Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál (CMgS) Dé hAoine an 18 Bealtaine agus Dé Sathairn an 19 Bealtaine.

Ag an ócáid dhá lá seo, cuirfear deiseanna ar fáil do thaighdeoirí agus d’oideoirí san oideachas lán-Ghaeilge agus sa tumoideachas idirnáisiúnta araon machnamh criticiúil a dhéanamh ar thaighde agus ar chleachtas i gcomhthéacs an tumoideachais agus an taighde sin a chomhroinnt. Soláthrófar deiseanna freisin leis na treochtaí nua i réimse síorathraitheach an tumoideachais a mhalartú agus a phlé.

Cuirfear 3 eochairaitheasc, 4 shiompóisiam, 25 phóstaer, agus 60 páipéar taighde i láthair san ócáid dhá lá seo ar thopaicí ábhartha amhail an Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh le chéile; Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoirí agus an Bealach a dhéanamh tríd an mBeartas agus an Nuálaíocht i bPobail Ilteangacha/Dhátheangacha.

Áirítear an tOllamh Laurent Cammarata, Ollamh Comhlach le hOideachas in Ollscoil Alberta, Ceanada, i measc na n‑eochairchainteoirí. Bhíodh an Dr Cammarata ina mhúinteoir teanga roimhe sin, agus tá sé ina oide múinteoirí anois le breis is cúig bliana déag. Tá sé ag obair faoi láthair i réimse an ullmhúcháin agus na forbartha gairmiúla leanúnaí do mhúinteoirí K-12 i suíomhanna tumoideachais Fraincise agus suíomhanna mionteanga francophone i gCeanada. Bíonn a chuid taighde dírithe ar an taithí a bhíonn ag múinteoirí ar theagasc ábharbhunaithe a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna oideachais éagsúla agus ar na himpleachtaí d’oideachas múinteoirí agus don fhorbairt ghairmiúil. Pléifear an topaic sin go mion in eochairaitheasc an Ollaimh Cammarata ‘An lúb ar lár sa taighde ar an tumoideachas: Céard é féin agus cén fáth a bhfuil tábhacht leis?

Beidh an Dr Karen Ní Chlochasaigh, taighdeoir iardhochtúireachta ag Institiúid Oideachais OCBÁC agus ag an bhForas Taighde ar Oideachas, ag caint ag an gcomhdháil freisin. San eochairaitheasc a thabharfaidh sí uaithi, comhroinnfidh an Dr Ní Chlochasaigh torthaí ó staidéar iardhochtúireachta inar féachadh ar thionchar an tumoideachais ar ghnóthachtáil, dul chun cinn agus dearcthaí i scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair faoi mhíbhuntáiste i bPoblacht na hÉireann (scoileanna DEIS). Féachfar ar cheisteanna móra a bhaineann le gnóthachtáil daltaí atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúlra de i scoileanna lán-Ghaeilge, na fadhbanna is mó a bhíonn le sárú acu, agus na tacaíochtaí atá ag teastáil uathu go géar.

Beidh páipéar á chur i láthair freisin ag an Ollamh David Lasagabaster, Ollscoil Thír na mBascach. Tá David Lasagabaster ina Ollamh le Teangeolaíocht Fheidhmeach agus tá baint aige le hoideachas múinteoirí sa Spáinn le roinnt blianta anois. Tá ailt foilsithe aige ar shealbhú an dara/tríú teanga, ar FCÁT (an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha), ar dhearcthaí agus inspreagadh, agus ar an ilteangachas. San eochairaitheasc a thabharfaidh sé uaidh, ‘Cláir thumoideachais mar thúsphointe le haghaidh an ilteangachais: taithí Thír na mBascach’, díreofar ar an aistriú ó churaclam aonteangach (Spáinnis) go curaclam ilteangach (Bascais, Spáinnis agus Béarla) agus ar na dúshláin a bhíonn i gceist leis an bpróiseas sin.

Beidh an Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – Deiseanna agus Dea-chleachtais ar siúl Dé hAoine an 18 Bealtaine agus Dé Sathairn an 19 Bealtaine i gColáiste Mhuire gan Smál. Sa chomhdháil idirnáisiúnta seo, tugtar le chéile eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla mar chomhpháirtithe comhdhála, iad seo a leanas ina measc: Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach; An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí; Gaeloideachas; Foras na Gaeilge; agus Comhairle na Gaelscolaíochta.

Is féidir clárú anois ag www.tumoideachas.ie