Méid an Téacs

Comhghairdeas le daltaí Choláiste Feirste!

Lúnasa 23, 2013

D’éirigh le Coláiste Feirste gráid os cionn an mheáin a bhaint amach arís i mbliana. Tháinig le formhór de dhaltaí an choláiste ar a laghad an tagarmharc de 5 GCSE A*- C amach. Baineann Coláiste Feirste barr feabhais a mach ag leibhéal GCSE agus coláiste é atá i measc na scoileanna ilchumasacha is fearr sna sé chontae. Léirigh an tIrish News sin ar an tseachtain seo a chuaigh thart nuair a tuairiscíodh go raibh Coláiste Feirste suite sa 7ú háit i measc scoileanna ilchumasacha an tuaiscirt.

Mhol Mícheál Mac Giolla Ghunna, príomhoide na scoile, tacaíocht na dtuismitheoirí, “Is sáréacht eile é seo dár scoil. Is léir go ndeachaigh an obair iontach a bhí á déanamh ag na daltaí agus foireann na scoile, gan trácht ar thacaíocht na dtuismitheoirí go mór i bhfeidhm ar bhaint amach na gcailíochtaí; gráid mhaithe a baineadh amach thar réimse leathan ábhar. Tá muid ag dúil le fáilte mhór ar ais a chur roimh na daltaí agus iad ag leanstan ar aghaidh le hoideachas trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt Diarmaid Ua Bruadair, bainisteoir Eochairhcéim 4, “Cé go bhfuil níos mó ná trí cheathrú dár ndaltaí ag baint amach breis is 5 GCSE, caithfear a aithint go bhfuil an líon daltaí atá ag baint amach 7-11 GCSE ag ardú go suntasach, roinnt mhaith acu ar éirigh leo gráid A* a thapú. Is fianaise í seo den chineál timpeallacht foghlama ar leith a chuireann an Gaeloideachas ar fáil. Tá sé ráite ag roinnt ollscoileanna fosta go bhfuil caighdeán ard muiníne agus scileanna cumarsáide ag daltaí Choláiste Feirste.”
D’admhaigh Séamas Mac Colaim, Ceann Bliana Bhliain 12 go bhfuil scoth na dtorthaí seo bunaithe ar an obair chrua sheanaimseartha a léiríonn foireann na scoile agus iad ag cinntiú go dtagann leo riachtanais na ndaltaí a chomhlíonadh ar bhonn aonarach.

“Tá muid thar a bheith bródúil gur éirigh le líon suntasach daltaí gráid iontacha a bhaint amach, ach go háirithe Coleen Ní Thoirealaigh (3 A* agus 7 A), Robert Mac Phail Mac Siacais (2 A*, 3 A agus 5 B), Shannon Ní Choinn (3 A*, 3 A agus 4 B) agus gach aon duine eile a spreagadh chun na cáilíochta arda sin a fháil.”

Tháinig an focal scoir ó phríomhoide na scoile,  “Go raibh gach rath agus bláth ar na daltaí ardleibhéil a d’imigh uainn ar na mallaibh chomh maith. Rachaidh cuid mhaith acu go hollscoileanna in Éirinn, Alban, Sasana agus eile, gan trácht ar na daoine óga eile a bheas ag leanstan le Breisoideachas agus fostaíocht. I measc na roghanna gairme a bheas ag ár ndaltaí, beidh dlíodóireacht, cógaisíocht, coireolaíocht, eolaíocht, teicneolaíocht chruthaitheach agus teangacha ar ndóigh.”

“Tá tús na bliana ag druidim linn go gasta agus muid ag súil go mór leis an scoilbhliain atá romhainn. Is mór an dóchas atá againn dár ndaltaí óga, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga de thairbhe na foirne tiomanta, daltaí agus tuismitheoirí atá ag obair go laethúil chun cinntiú go mbaineann Coláiste Feirste a sprioc amach agus muid mar bhratscoil d’oideachas iar-bhunscolaíocht in Éirinn.”