Méid an Téacs

Comórtas Fichille Cúige Laighean

Meitheamh 18, 2012

Déardaoin, Bealtaine 24ú, ní dóigh liom gur féidir lá níos galánta a phiocadh don Chomórtas Fichille Cúige Laighean. Bhí an-bhród ar Scoil Aonghusa go raibh an ócáid speisialta seo ag tarlú i nDroichead Átha, ionad na scoile. Tháinig ana chuid gaelscoileanna ó gach cúinne de Chúige Laighean chun an Buanthrofaí Fichille (deartha ag an dearthóir cáiliúil Shane Holland (www.shanehollanddesign.com) a bhuachaint. Tháinig scoil amháin, Gaelscoil Inis Córthaidh, an turas fada ó Loch Gorman. Bhí Gaelscoil Cill Chainnigh le teacht ach ag an nóiméad deireanach fuair siad amach go raibh cigire ag teacht. Is mór an trua sin, mar chuala mé go bhfuil an scoil sin sár-mhaith ag an bhficheall. Is cinnte go raibh cóir na héan le cloisteáil ag cúpla scoil nuair a mhúscail said an mhaidin sin agus an turas fada go Droichead Átha don chomórtas rompu.Bhí fáilte álainn ag Scoil Aonghusa do na scoileanna le balúin agus póstaeir ar an ngeata le hainmneacha gach scoil a bheadh ag glacadh páirte. Is dóigh go raibh na daltaí agus na múinteoirí gnóthach ag déanamh ealaín an la roimh ré.  D’oscail Múinteoir Mairead, priomhóide Scoil Aonghusa, an comórtas, ag caint faoin éad a bhí uirthi toisc go raibh sútha talún úr ag cúpla daltaí ó Loch Gorman.  Ar a 10.30rn, bhuail an clog agus thosaigh an 56 dalta ag úsáid ionsaí, beartaíocht agus straitéis sna gcluichí. Ní raibh fuaim ar bith sa halla a bhí gléasta go hálainn le maisiúcháin déanta ag daltaí Rang 6 i Scoil Aonghusa le cabhair ón Múinteoir Gearóidín. Bhí an t-ádh linn go raibh an Rúnaí Joan, ag obair go ciúin ag ullmhú tea agus brioscaí agus a leithéid do na daoine fásta a bhí ag tabhairt tacaíochta do na hintinní géara seo. Go háirithe ní raibh éinne binn barúil. Gach dalta ag tabhairt aire dá chéile. Do dhaltaí a bhí críochnithe go luath, bhí píosaí móra fichille taobh amuigh sa chlós. Bhí tóraíocht taisce sa leabharlann dóibh freisin.Go cinnte bhí deora mar pháirt den chogadh paiseanta seo. Gach dalta bródúil ag imirt ar son na scoile sa chluiche spóirt intinne seo. Tháinig an t-aoi onóra WCM Dr. Gearóidín Uí Laighleis, seaimpín fichille in Éirinn i measc na ficheallaithe sa babhta deireanach nuair a bhí teannas ard sa halla.Tar éis an babhta deireanach labhair Gearóidín go galánta leis na daltaí agus spreag sí iad chun leanúint leis an spóirt álainn seo. Labhair sí faoin gcaighdeán ard a bhí le feiceáil i measc na ficheallaithe óga agus í ag siúl timpeall an halla sa babhta deireanach.Ar a 1 a chlog bhí an t-ard-réiteoir Brennan Corrigan ag obair le fuinneamh mar thaoiseach fichille chun na pointí a chomhaireamh do gach scoil, an fear bocht ag cur allais ag an bpointe seo; na páistí ó gach scoil cruinnithe thart air agus iad ar bís. Na drumaí ag bualadh anois ag fanacht ar na fógraí cé a bhuaigh an Buanthrofaí Fichille Cúige Laighean. Bhuel, Scoil Naoimh Pio ó Chontae na Mí a chuaigh suas don chéad áit sa ghrúpa Fola. Bhí cogadh mór don ghrúpa Banba a bhí ag troid don bhuanthrofaí. Bhuaigh Scoil Bhríde anuraidh agus bhí a fhios ag gach dalta sa seomra go raibh réalta ar an bhfoireann acu, Clare. Bhí caill ar Clare as Scoil Bhríde toisc gur bhuaigh sí ar mháistir fichille i bpúicín fichille i dTeach an Ardmhéara i Mí na Samhna seo caite. Ach ba seo bliain Scoil Aonghusa, Droichead Átha, Co. Lú, Curadh Fichille Cúige Laighean 2012. Comhghairdeas mór le Scoil Aonghusa.

Duaiseanna eile a bhí roinnte amach ar an lá:

Rí Fichille: Eoghan Ó Ceallathóir (Scoil Naoimh Pio)

Tagairt speisialta: Feargal Ó Morgha (Scoil Aonghusa)

Banríon Fichille: Gobnait Nic an Tuile (Scoil Naoimh Pio)

Tagairt speisialta: Niamh Ní Leathlobhair (Gaelscoil Bharra)

Tagairt speisialta: Aoife Nic an Rothaich (Scoil Lorcáin)

Tagairt speisialta: Niamh Ní Bhuachalla (Scoil Lorcáin)

Grúpa Banba (Buanthrofaí Fichille):

1ú áít: Scoil Aonghusa, Co. Lú

2ú háit: Scoil Bhríde, Baile Átha Cliath3ú háit: Scoil Naoimh Pio 1, Co. Mí

Grúpa Fola:

1ú áít: Scoil Naoimh Pio 2, Co. Mí

2ú háit: Gaelscoil Colmcille, Baile Átha Cliath

3ú háit: Gaelscoil an Bhradán Feasa, Co. Mí (ní raibh ach pointe amháin idir Gaelscoil an Bhradán Feasa agus Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Gorman)

Buíochas mór do Naoise Ní Chathláin, Rang 5, Scoil Aonghusa agus an réiteoir Brendan Corrigan a bhí ag obair go CRUA le Úna O Boyle i rith an lae ag cinntiú go raibh rudaí ag rith i gceart ar an lá. 
Caithfidh gach uile dalta a ghlac páirt sa chomórtas seo a bheith bródúil. Is iad na hintinní fichille seo na hintinní don todhchaí. Leis an straitéis, beartaíocht agus grá uilechumhachtach is cinnte go bhfuil ár dtír i lámha sábháilte. Fíor-bhuíochas do Ghaelscoileanna Teo a thug tacaíocht airgid dúinn don ócáid iontach seo.Seo iad na scoileanna a glac páirt: Fíor-bhuíochas do na múinteoirí agus tuismitheoirí ó na scoileanna uilig.

  • Scoil Lorcáin (BÁC)
  • Scoil Naoimh Pio (Co. Mí)
  • Gaelscoil Inis Córthaidh (Co. Loch Gorman)
  • Gaelscoil Thulach na nÓg (Co. Mí)
  • Gaelscoil Bhaile Brigín (BÁC)
  • Gaelscoil Bharra (BÁC)
  • Gaelscoil Cholmcille (BÁC)
  • Scoil Aonghusa (Co. Lú) (buaiteoirí 2010 & 2012)
  • Scoil Bhríde (BÁC) (buaiteoirí 2011)
  • Gaelscoil an Bhradáin Feasa (Co. Mí)

Tuilleadh eolas ar “Fiúntas Fichille san Oideachas” ar www.imbolc.com (inspioráid na bliana 2012) ina bhfuil WCM Úna O Boyle ag caint.

I mBéarla anseo san Drogheda Independent le Alison Comyn.