Méid an Téacs

Comórtas Thráth na gCeist Bord

Eanáir 7, 2011

 

 

 

 

Eagraíonn Feachtas Comórtas Thráth na gCeist Bord idir iarbhunscoileanna gach bliain. Beidh na réamhbhabhtaí ar siúl i mbliana i Mí Feabhra / Mí Marta 2011  agus an Craobh i Mí Aibreán 2011. Foirne de cheathrar atá i gceist: beirt atá ag déanamh an Teastas Sóisearach agus beirt atá ag déanamh na hArdteiste. Beidh deich mbabhta ceisteanna agus sé cheist i ngach babhta. Bíonn réamhbhabhtaí ar fud na tíre ( dátaí agus suíomh le socrú) agus bíonn níos mó ná 1000 duine páirteach sa Chomórtas.

Costas 3 euro in aghaidh an duine agus ag an Chraobh beidh dhá scoláireacht go dtí An Ghaeltacht don fhoireann a mbeidh an bua acu agus scoláireacht amháin dóibh seo a gheobhaidh an darna áit chomh maith le roinnt dearbháin dlúthdhiosca agus leabhar.
 
Má tá suim ag do scoil páirt a ghlacadh sa chomórtas Thráth na gCeist téigh i dteagmháil le Liam Ó Maolchluiche ag liam.feachtas@gmail.com chomh luath agus is féidir chun clárú don chéad chomórtas.

Chomh maith le sin tá Feachtas ag lorg ionaid chun na Tráth na Gceist a chur ar siúl. Má tá tú in ann do scoil a chur ar fáil mar ionad, cur in iúl dóibh, le do thoil.

Má tá tuilleadh eolais uaitse déan teagmhail le Liam Ó Maolchluiche ag an seoladh r-phost nó scairt ar 01 8786424 ( oifig) nó 087 9046136 ( fón póca).