Méid an Téacs

COSAIN an CÓIMHEAS sna Gaelscoileanna!

Márta 10, 2011


 

 

 

 

 

 

 

 

 

Seolfar feachtas ‘Cosain an Cóimheas!’ Dé Máirt seo chugainn, 15 Márta i mBaile Átha Cliath. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag socrú céilí/ ceoil sráide lasmuigh de Dáil Éireann, Sráid Chill Dara ag 11.30i.n. chun aird a tharraingt ar ionsaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ar ngaelscolaíocht tríd an cóimheas daltaí le múinteoirí a ardú. Díreach roimhe seolfar an feachtas ag 11.00 ag preas ócáid in Áras na Comhdhála, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, BÁC.

Ba mhór againn dá bhféadfadh do scoil bheith páirteach sa léirsiú lasmuigh den Dáil ag 11.30 trí cúpla duine a chur ar fáil le bheith i láthair (beir leo uirlisí ceoil/ brógaí rince más mian leo!), idir múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí, baill Boird Bainistíochta srl. Táimid ag díriú ar an bhfeachtas a bheith feiceálach, ach go háirithe le linn Seachtain na Gaeilge agus deis a bheith againn grianghraif den ócáid a ghlacadh le scaipeadh ar an bpreas. Chuige sin bheadh muid ana-bhuíoch dá bhféadfá nóta gairid a sheoladh ar ríomhphost chugainn (oifig@gaelscoileanna.ie) nó glaoch a chur ar an oifig (01-8535195) le léiriú dúinn an líon duine gur féidir leo bheith i láthair, agus má tá aon chabhair gur féidir libh a thabhairt dúinn maidir le ceol a chur ar fáil/ damhsóirí/ póstaeir srl.

Cad í an fhadhb?

Tá an cóimheas daltaí le múinteoirí i ngaelscoileanna á ardú ag an Roinn Oideachais & Scileanna ó Mheán Fómhair na bliana seo. I roinnt cásanna, beidh ar scoileanna 20 páistí sa bhreis a mhealladh isteach chun na scoile chun líon na múinteoirí atá acu a choimeád. Aon uair a athraíodh an cóimheas daltaí le múinteoirí roimhe seo ní raibh ach 1-2 dalta i gceist mar dhifríocht!

Cén fáth go raibh cóimheas níos fábharaí ag gaelscoileanna?

Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fábharaí. Cur chuige a bhí ann a d’aithin na dúshláin bhreise atá roimh na gaelscoileanna, dúshláin ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclaim iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge.

An raibh an cóimheas níos fábharaí i bhfeidhm i ngach gaelscoil?

Ní raibh, díreach i ngaelscoileanna le h-idir 3 agus 9 múinteoirí iontu, le tacú leo agus iad ag am criticiúil i bhforbairt na scoile.

Bhí bunús oideachasúil leis an athrú seo mar sin?

Ní raibh. Tá cinneadh na Roinne bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.

Cén toradh a bheidh ar an gcinneadh seo?

Caillfidh roinnt scoileanna múinteoir ranga amháin; i roinnt scoileanna, caillfear beirt mhúinteoirí agus beidh ar an bPríomhoide Riaracháin filleadh ar ais ar an seomra ranga. Ardóidh líon na ndaltaí i ranganna agus beidh a lán ranganna meascaithe ann dá bharr.

Nár aithin an ‘Plean 20 Bliain don Ghaeilge’ ról lárnach na ngaelscoileanna?

D’aithin.

Tugtar tacaíocht chuí agus cothrom na féinne do na gaelscoileanna mar sin?

Ní thugtar, faraor. Tá 75% de na scoileanna a bheidh thíos leis seo i gcóiríocht shealadach, cuid mhaith acu le blianta fada. Tá scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste ach nach bhfuil aitheantas mar scoileanna faoi mhíbhuntáiste acu in ainneoin go bhfuil an stádas sin ag scoileanna eile taobh leo. Ionsaí eile ar an nGaelscolaíocht atá sa chinneadh seo.

Cad ata ag teastáil mar sin?

An cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.

Tá bileog eolais agus póstaeir le híoslódáil anseo:

Bileog a4

Póstaer a3