Méid an Téacs

Cosaint d’éiteas na Gaeilge molta go láidir ag Comhchoiste Oireachtais

Márta 10, 2014

Cuireadh fáilte roimh thuairisc de chuid an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach an tseachtain seo i dtaca le próisis iontrála scoileanna inar tacaíodh le sainmheon teanga na Gaelscolaíochta a chosaint.

Reáchtáladh próiseas comhairliúcháin ag deireadh 2013 maidir leis an Dréacht-Scéim Ghinearálta Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil). Tá i gceist faoin dréachtscéim Ghinearálta don Bhille Oideachais go gcuirfí deireadh le cleachtais idirdhealaitheacha i gcóras oideachais na tíre ag an mbunleibhéal agus an meánleibhéal.

Tá molta sa dréacht-Bhille go mbainfí é seo amach trí theorainn a chur ar thréimhsí iarratais scoileanna ar ligean isteach, rialachán dian a chur in áit maidir le táillí iontrála, brú a chuir ar scoileanna liostaí feithimh a ghlanadh agus bearta eile a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh an córas iontrála a leathnú.

Mar chuid den chomhairliúchán tháinig Gaelscoileanna Teo., An Foras Pátrúnachta, Cearta Oideachais agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach áit ar pléadh cás eisceachtúil na gaelscolaíochta sa mhórchóras, idir thúsáite a thabhairt do theaghlaigh Ghaeilge agus aitheantas a thabhairt don luath-thumadh sa Ghaeilge.

Ag eascairt as an gcomhairliúchán, foilsíodh tuairisc de chuid an Chomhchoiste Oireachtais an tseachtain seo ina chuirtear síos ar mholtaí an Chomhchoiste i leith an Dréacht-Bhille a bheas le hath-dhréachtú anois ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is iad na moltaí ó thaobh na gaelscolaíochta de ná go n-áirítear riachtanais teangeolaíochta agus stádas na scoileanna laistigh do Limistéir Pleanála Teanga (de réir Acht na Gaeltachta 2012), agus an próiseas pleanála teanga atá á reáchtáil faoi choimirce na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Moltar freisin go dtógfadh aon reachtaíocht atá beartaithe ionracas na scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh, agus, go gcinnteofaí nach mbeadh aon leithcheal ar siúl le linn an phróisis iontrála. Dar leis an tuairisc gur chóir do reachtaíocht mholta ar bith an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a aithint trí thosaíocht shuntasach a cheadú mar chuid den phróiseas iontrála do líon íseal na gcainteoirí dúchais taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid Ní Ghréacháin: “Ar an iomlán, léiríonn an tuairisc dul chun cinn iontach, agus léiríonn sé gur tugadh fíor-éisteacht dár n-ábhar imní mar a bhaineann le cosaint sainmheon teanga scoileanna lán-Ghaeilge…Tá na moltaí ginearálta, seachas mionsonrach nó saintreorach, ach is dóigh liom gur fearr sin agus dá réir, go bhfágfaí faoi údarás na scoileanna lán-Ghaeilge slánchúis na scoileanna a chosaint, rud atá riachtanach”.

“Beidh, ar ndóigh, plé le déanamh leis an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi na ceisteanna praiticiúla agus na mionsonraí agus is tús an-mhaith é seo don phlé agus idirbheartaíocht leis an Roinn. Leanfaimid orainn ag cinntiú go mbeidh gach cosaint riachtanach ann do na scoileanna lán-Ghaeilge, agus do theaghlaigh lán-Ghaeilge ar mian leo áit a fháil i scoil lán-Ghaeilge” a dúirt sí.

Is ar an Roinn Oideachais agus Scileanna atá sé anois moltaí na tuairisce a thabhairt san áireamh agus an Scéim á hath-dhréachtú acu le cur faoi bhráid an Rialtais.

Foilsithe ar Gaelport.com