Méid an Téacs

Cosc ar an nGaeilge ó thuaidh

Eanáir 21, 2014

Rialtas na Breataine agus Tionól Thuaisceart Éireann cáinte go géar sa tuairisc is déanaí ó Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh de chuid Chomhairle na hEorpa.

Is reachtaíocht ríthábhachtach í Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh i leith chosaint agus chur chun cinn mhionteangacha agus theangacha réigiúnacha. Cuireadh an Ghaeilge faoi scáth na Cairte, mar aon leis an mBreatnais, Gaeilge na hAlban, an Ultais agus an Choirnis, nuair a shínigh Rialtas na Breataine an Chairt sa bhliain 2001. Déanann Coiste na Saineolaithe athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Cairte ag deireadh gach timthriall agus cáineadh an chaoi a gcaitheann Rialtas na Breataine leis an nGaeilge satuairisc is déanaí.

Ag eascairt as cuairt a thug Coiste Chomhairle na hEorpa ar Stormont le linn an timthrialla dheiridh, chinn an tuairisc is déanaí go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cé gur moladh i dtuairisc dheiridh an Choiste i 2009 go gcuirfí polasaí cuimsitheach Gaeilge i bhfeidhm, tuairiscíodh nár glacadh céim ar bith i dtreo bheartais ó shin agus gur ábhar thar a bheith conspóideach é fós cur chun cinn na Gaeilge sna sé chontae.

I dtuairisc monatóireachta a d’fhoilsigh Pobal, saineagras abhcóideachta na Gaeilge ó thuaidh, i mí na Samhna, léiríodh nach bhfuil Rialtas na Breataine ná Tionól Thuaisceart Éireann ag comhlíonadh a gcuid dualgas reachtúil de réir na Cairte óir go gcuireann an córas reatha constaicí ollmhóra de gach cineál roimh shaoránaigh agus iad ag iarraidh a bheith ag plé leis an Stát trí Ghaeilge.

Cé go bhfuil de dhualgas ar Rialtas na Breataine tuarascáil maidir le forfheidhmiú na reachtaíochta a chuir faoi bhráid na Comhairle Eorpa ag deireadh gach tréimhse trí bliana, chiallaigh easaontas idir baill an Tionóil maidir le hábhar an tuarascáil gur cuireadh moill ar an tuarascáil chuig Coiste na Saineolaithe don dara huair i 2013.

Chinn Coiste na Saineolaithe go bhfuil srianta gan údar fós i gceist le húsáid na Gaeilge i réimsí a thagann leis an gCairt, na cúirteanna ar chomharthaí sráide dátheangacha san áireamh.

Maidir le cúrsaí gaeloideachais, thuairiscigh an Coiste drogall sa Roinn Oideachais i dtaca le héascaigh agus cur chun cinn oideachais lán-Ghaeilge go háirithe ag leibhéal na hiarbhunscoile. Cuireadh síos freisin ar an easpa ábhar teagaisc atá ar fáil agus an ganntanas atá ar mhúinteoirí cháilithe sa dlínse. Leagadh béim ar imní lucht na Gaeilge i leith na constaicí a chuirtear ar sholáthar réamhscolaíochta lán-Ghaeilge, oiliúint na múinteoirí meánscoile agus tuairiscíodh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na múinteoirí a dhíríonn ar an nGaeilge i scoileanna ann.

Dúirt Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, “Tá muid sásta gur mhol na saineolaithe arís go gcaithfear Acht na Gaeilge a thabhairt isteach. Is mithid spriocam a aontú anois agus bogadh chun tosaigh”.

“Maidir le Cuid III na Cairte, a thugann sain chosaint don Ghaeilge ó thuaidh, tá cáineadh tromchúiseach déanta ag na Saineolaithe maidir leis an soláthar reatha i dtaca leis na meáin, le hoideachas, leis na cúirteanna, le riar na n-institiúidí polaitiúla – ag leibhéal an Tionóil agus ag leibhéal áitiúil – ag ar theip Westminster agus an Tionól i dtaca le hathuairisciú do Chomhairle na hEorpa faoi cad e mar a sheasann cúrsaí”, a dúirt sí.

Mhol Coiste na Saineolaithe gur ghá reachtaíocht a chur i bhfeidhm ar mhaithe chosaint na Gaeilge agus cuireadh comhairle láidir ar Rialtas na Breataine agus Tionól TÉ bunús reachtaíochta a chur in áit i dtaca le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com