Méid an Téacs

Cruinnithe maidir le Cuíchóiriú na hEarnála deonaí Gaeilge

Feabhra 27, 2013

Tá cruinnithe á reáchtáil ag Foras na Gaeilge an tseachtain seo leis na heagrais bhunmhaoinithe Ghaeilge maidir le cuíchóiriú na hearnála deonaí.

Sa litir atá seolta ag an bhForas chuig bainistíocht na n-eagraíochtaí, deirtear gur mian le Foras na Gaeilge go bpléifí na “féidearthachtaí éagsúla a bhaineann leis an phróiseas athbhreithnithe” agus gur mian leo plé a dhéanamh ar shocruithe do thodhchaí na n-eagras tar éis 30 Meitheamh 2013, nuair a thiocfaidh deireadh leis an mbabhta maoinithe reatha.
Reáchtálfar cruinnithe le heagrais éagsúla bunaithe ar na téamaí a leanas: áiseanna don ghaelscolaíocht; feasacht agus cosaint teanga agus ionadaíocht leis na húdaráis stáit; imeachtaí a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le bunú gréasáin úsáide; forbairt phobail; forbairt deiseanna úsáide agus gréasáin úsáide do dhaoine óga; raidió pobail; gaeloideachas/tumoideachas agus réamhscolaíocht lánGhaeilge and oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile.
Deirtear sa litir go bhfuil plécháipéis tiomsaithe ag an bhForas atá bunaithe ar thosaíochta atá luaite i gcáipéisí éagsúla ina measc an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, Plean Gnó Fhoras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Líofa 2015 agus an dréacht-straitéis don Ghaeilge ó thuaidh i measc cáipéisí eile.
Luaitear go bhfuil treoir faighte ó na Ranna go bhfuil siad tiomanta de bheith ag iarraidh cuíchóiriú a chur i bhfeidhm agus gur mhaith leo cuíchóiriú a chur i bhfeidhm ar an gcur chuige reatha maoinithe.
Pléadh togra nua Fhoras na Gaeilge maidir le struchtúr úr maoinithe do na heagrais ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 12 Nollaig 2012.
Bhuail an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Jimmy Deenihan TD agus Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD leis an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín MLA agus leis an Aire Sóisearach Jonathan Bell MLA ag cruinniú d’Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha.
Níor tháinig an CATT ar aon réiteach agus cuireadh an cinneadh ar athló go dtí an chéad chruinniú eile a reáchtálfar san earrach.
Luadh sa litir chuig ceannasaithe na n-eagras go dtuigtear d’Fhoras na Gaeilge go mbeidh ciorrú de 6% ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge do 2013 ón mbuiséad a bhí ar fáil dóibh in 2012. Tá iarrtha ag na ranna ar Fhoras na Gaeilge an ciorrú seo a chur i bhfeidhm san ollbhuiséad a chuirtear ar fáil le haghaidh bunmhaoiniu.
Ba í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas a thug an treoir d’Fhoras na Gaeilge athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge sa bhliain 2009.

Foilsithe ar Gaelport.com