Méid an Téacs

Cruinniú práinneach maidir le stádas COGG

Eanáir 15, 2013

Beidh cónascadh na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi chaibidil ag cruinniú práinneach atá le reáchtáil ag eagrais Ghaeilge agus oideachais amárach.

D’fhógair Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag comhdháil oideachais ar 23 Samhain 2012 go raibh an cinneadh déanta ag an Roinn go mbeadh an Chomhairle le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) sa bhliain 2013.

Ó bunaíodh COGG sa bhliain 2002 cuireann an Chomhairle acmhainní riachtanacha ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar fud na tíre.

I measc na n-acmhainní tacaíochta atá forbartha ag an gComhairle do scoileanna tá téacsleabhair Ghaeilge, leabhair teagaisc; dlúthdhioscaí, póstaeir, cláir Ghaeilge agus acmhainní leictreonacha nua-aimseartha. Anuas air sin, cuirtear comhairle ar fáil don rialtas agus don earnáil oideachais maidir le ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas.

Tionólfar cruinniú idir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna, a raibh baint lárnach acu i mbunú na Comhairle chomh maith leis an bhForas Pátrúnachta agus na Naíonraí Gaelacha d’fhonn plean gnímh a chur le chéile.

Tá na heagrais buartha go gcuirfear deireadh le ról COGG mar gníomhaireacht neamhspleách agus go mbeadh an focal scoir ag an CNCM ar chúrsaí airgid.

Léiríodh imní go bhféadfadh go mbeadh COGG mar rannóg Gaeilge sa CNCM agus nach mbeadh COGG ag déanamh na hoibre ar cheart di a dhéanamh.

Sa bhliain 2009, mhol tuarascáil Choilm Mhic Cárthaigh (Tuarascáil an Bhoird Snip Nua) gur cheart deireadh a chur leis an gComhairle.

Ag an am chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na cosa i dtaca don Chomhairle agus mhol an Roinn gan cúraimí COGG a dhíscaoileadh.

Luadh sa tuarascáil gurb é foilsiú téacsleabhair don dara leibhéal an t-aon feidhm a bhain le hobair na Comhairle agus bhí an tuairim ann go raibh easpa tuisceana ar ról COGG.

Le bliain anuas, áfach is cosúil go raibh athrú intinne ar an Roinn agus luadh go hindíreach le hionadaithe ó COGG go dtiocfaidh an lá go mbeadh cónascach ann leis an CNCM.

Ní raibh aon fhógra oifigiúil tugtha do COGG nó don CNCM faoin gcónascadh go dtí an lá sular shiúil Seán Ó Foghlú amach ar stáitse ag Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Dar leis an Roinn Oideachais beidh airgead an státchiste á chaitheamh ar bhealach níos éifeachtúla toisc go mbeadh “feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,”

Ach is é an locht is mó atá ann i bplean na Roinne ná go bhfuil dhá theanga éagsúla á n-úsáid mar teanga oifige ag an dá ghníomhaireacht.

Faoi láthair is í an Ghaeilge teanga oibre COGG agus tá an bhuairt ann go mbeadh an triúr atá fostaithe go lánaimseartha ag an gComhairle ag obair mar aonad laistigh den CNCM.

Sa chás sin bheadh coimhlint teanga ann toisc nach mbeadh foireann iomlán CNCM in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

In ainneoin sin tá an Roinn den tuairim gur socrú ciallmhar atá ann. Ag labhairt dó faoin gcinneadh dúirt Seán Ó Foghlú, “Coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM. Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne”.

Foilsithe ar Gaelport.com