Méid an Téacs

Cuireann an tAire Bruton tús le próiseas comhairliúcháin 4-seachtaine ar phleananna le tabhairt faoi ról an reiligiúin in iontrálacha scoile

Eanáir 25, 2017

D’fhógair an t-Aire Bruton tréimhse chomhairliúcháin 4 seachtaine le tosú inniu 24ú Eanáir go dtí 20ú Feabhra 2017. Tá an doiciméad comhairliúcháin ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne ag an nasc seo a leanas: “Ról an reiligiúin shainchreidmhigh saphróiseas iontrálacha scoile agus cur cuige féidearthachta le hathruithe a dhéanamh”.

Ar an 16ú Eanáir 2017, thug an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton TD oráid faoi ról an religiúin ar phróiseas iontrálacha bunscoileanna.

Chuir an tAire in iúl san óráid go gcreideann sé:

  • Go bhfuil sé mí-chothrom go dtugtar tús áite do pháistí den reiligiún céanna leis an scoil agus a chónaíonn tamall maith ón scoil de rogha ar theaghlach díreiligiúnach, nó teaghlach a bhfuil creideamh eile acu, atá ina gcónaí cóngarach dá scoil áitiúil atá maoinithe go poiblí.
  • Go bhfuil sé mí-chothrom go mothaíonn tuismitheoirí, bfhéidir nach ndéanfadh amhlaidh i gcás eile, brú lena bpáistí a bhaisteadh chun cead isteach a fháil ar scoil áitiúil.

Leag an tAire amach ceithre ascnamh a d’fhéadfadh bheith ann chun déileáil leis an ábhar seo agus chuir sé in iúl a rún dearcthaí a lorg ó dhaoine agus grúpaí a d’fhéadfadh bheith buailte le nó a mbeadh tuairimí acu ar na hathruithe a d’fhéadfadh bheith ann.

Tá suim ag an Aire na dearcthaí a fháil ó ghrúpaí a d’fhéadfadh a bheith buailte leis na hathruithe chomh maith le daoine den phobal a bhfuil dearcthaí acu ar an ábhar seo.

I measc na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith breithnithe sa réimse seo ná iad seo a leanas: Cé nach bhfuil an próiseas seo dírithe ar dhéileáil le ceist na teanga/na nGaelscoileanna, an féidir go mbeadh tionchair neamhbheartaithe fhéideartha ag do chur chuige roghnaithe ar an tsaincheist sin?

Ba cheart an struchtúr atá leagtha amach ar an doiciméad comhairliúcháin a bheith ar na hiarratais, agus ba cheart á seoladh ar aghaidh go dtí an seoladh r-phoist seo a leanas admissions_religion@education.gov.ie

Tabhair do d’aire le do thoil go mbeidh aiseolas faoi réir na n-Achtanna um Shaoráil Faisnéise (sonraí ar fáil ag Saoráil Faisnéise sa chás seo d’fhéadfadh eolas áirithe atá díolmhaithe faoina na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a bheith fágtha amach, ar nós sonraí teagmhála pearsanta agus eolas atá íogair ó thaobh gnó de.

Ó tharla gur comhairliúchán poiblí é seo, d’fhéadfadh iarratais bheith foilsithe ar shuíomh idirlín na Roinne agus trí aiseolas a chur, tá tú ag cur in iúl go bhfuil tú ag tabhairt cead don chur chuige seo agus go nglacann tú nach gcinntítear do neamhainmníocht.