Méid an Téacs

Cúis cheiliúrtha Raidió Rí-Rá

Lúnasa 17, 2012

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD inniu go bhfuil deontas €27,000 ceadaithe do Raidió Rí-Rá chun cur ar a gcumas stiúideo a fhorbairt agus craoladh ar an ardán nua raidió, Craoladh Fuaime Digití, (Digital Audio Broadcasting nó DAB i mBéarla).

Thosaigh an cairtstáisiún ag craoladh ar an gcóras digiteach i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge i mí Iúil agus tá beartaithe go mbeidh an stáisiún le cloisteáil ar an gcóras sin i Luimneach agus i gCorcaigh roimh dheireadh na bliana.

Freastalaíonn an stáisiún ar an aos óg ach go háirithe agus seinntear amhráin popcheoil ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008 agus bíonn breis agus 4,000 duine ag éisteacht le ceol ón stáisiún ar líne gach mí. Tá Raidió Rí-Rá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus tá sé maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air go raibh Raidió Rí-Rá ag cur na Gaeilge chun cinn i measc daoine óga agus thug sé aitheantas don ról lárnach atá ag na meáin craolachán nua sa ghort sin.

Is teicneolaíocht raidió digitigh do stáisiúin raidió é Craoladh Fuaime Digití, ardán atá in úsáid i mbeagnach 40 tíortha éagsúla.

GAELPORT.COM