Méid an Téacs

Cúrsa 2 Lá i Leitir Mealláin, Conamara á reáchtáil ag Spleodar

Feabhra 16, 2012

Tá Spleodar ag eagrú cúrsaí 2 lá i Leitir Mealláin, Gaeltacht Chonamara do lucht bunscoile agus meánscoile (Rang 4 – 6ú bhliain).

Beidh scoláirí ag fanacht i dtithe le mná tí agus beidh ard-chinnirí leo an t-am ar fad.

Thart ar €130 an duine a bheidh ar an gcúrsa (ag brath ar an méid atá ag dul d’fhéadfadh an praghas sin ísliú).  Áirithe ar sin, tá lóistín dhá oíche, dhá bhricfeasta, dhá dhinnéar, dhá lón agus kayakadóireacht mara.

Beidh dhá riail ann don chúrsa dhá lá seo.  Is gá Gaeilge a labhairt an t-am ar fad agus is gá fanacht i ngrúpa leis an ard-chinnire an t-am ar fad.

Más suim leat do rang a thógáil rachaidh duine ó Spleodar chuig do scoil chun bualadh leis na múinteoirí a bheidh ag dul leis na scoláirí agus chun labhairt leis na scoláirí.  Má tá am faoi leith don bhliain uaibh is féidir linn oibriú timpeall ar sin freisin.

Eagraítear na cúrsaí seo i rith na seachtaine don chuid is mó agus beidh deis ag na múinteoirí a thagann lena rang ranganna a dhéanamh leo ar maidin.

Ionas gur féidir linn freastal ar na scoileanna ar fad atá ag iarraidh teacht chugainn iarrtar oraibh teacht i dteagmháil linn go luath más mian leat do rang a thógáil ann.

Teagmháil:

Carmel Nic Eochaidh
Bainisteoir Iar-Aire
087 9964512

Tuilleadh Eolais:

www.spleodar.com