Méid an Téacs

Cúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia

Eanáir 7, 2013

Tá Gaelchultúr ag glacadh le hiarratais do Chúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia anois. Is cúrsa é seo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas (H.Dip. in Arts in Primary Education). Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus cuirfear ar chumas na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.
Beidh an cúrsa oiriúnach ó thaobh caighdeáin de do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, roinnt mhaith blianta ó shin, b’fhéidir. Beidh an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta agus déanfar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil.

Rogha 1
Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 7.00 – 9.00 p.m.
9 Eanáir 2013 – 27 Feabhra 2013
€249

Rogha 2
Baile Átha Cliath
Dhá sheachtain sa seomra ranga agus trí sheisiún ar líne (Dé Máirt nó Dé Céadaoin)
12 Eanáir 2013 – 2 Márta 2013
€249

Is féidir glaoch ar (01) 484 5220 / 1890 252 900 nó breathnú ar www.gaelchultur.com le hiarratas a chur isteach.

Foilsithe ar Gaelport.com