Méid an Téacs

Cúrsa i nGramadach na Gaeilge do chainteoirí dúchais

Iúil 23, 2014

Tá foras oiliúna úrnua bunaithe i gcroílár na Gaeltachta is bríomhaire agus is mó in Éirinn, ar an gCeathrú Rua, Conamara, Co. na Gaillimhe.

Bíodh is gur le freastal go sonrach orthu siúd ar cuid dá ndualgas gairmiúil teagasc na Gaeilge (múinteoirí, mar shampla) a cuireadh Scoil na Gaeilge ar bun, beidh sainchúrsaí á dtairiscint freisin do chainteoirí dúchais agus dóibh siúd a bhfuil labhairt na Gaeilge go maith acu ach nach bhfuil ar a gcompord leis an nGramadach.

Beidh cúrsaí á reáchtáil chomh maith ar litríocht na Gaeilge idir 1200–1650.

Beidh an chéad chúrsa ar siúl ar an gCeathrú Rua ón 11–15 Lúnasa. Tá cúpla áit fós fanta ar an gcúrsa sin. Tá gach eolas le fáil ach glaoch ar 087–7184188 nó dul chuig www.scoilnagaeilge.com.