Cúrsa Scannánaíochta do dhaltaí Iarbhunscoile
Eanáir 17, 2013
Is chun bunscileanna scannánaíochta a thabhairt do dhaltaí iarbhunscoile an cúrsa seo. Foghlaimeoidh siad cén chaoi scannán a chur le chéile, ó phleanáil agus eagrú go húsáid trealaimh agus eagarthóireacht. Beidh deis acu gearrscannán a phleanáil, a dhéanamh agus a chur in eagar iad féin. Beidh cóip dá saothar acu ar DVD ag deireadh an chúrsa.
Ábhar an chúrsa:
- scríobh scripte
- cruthú clárscéil
- eagrú foirne & suíomh
- úsáid ceamara
- cumadh seatanna
- úsáid solais
- taifeadeadh fuaime
- eagarthóireacht
Suíomh an Chúrsa: Ionad Gael Linn, Eachléim, [An Fód Dubh], Co. Mhaigh Eo.
Fad an Chúrsa: Tráthnóna Domhnaigh go tráthnóna Aoine
Uaslíon: 20 dalta
Táille: Clúdaíonn an táille de €200 an dalta, teagasc, lóistín & béilí. Níl taisteal san áireamh
Eolas: Fergus Mac Suibhne ag 086.8843489 nó fergus@gael-linn.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com