Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht, Iúil 2012
Meitheamh 22, 2012
Tá Foras na Gaeilge ag cur 10 scoláireachtaí, ar fiú €1000 an ceann iad, ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 14-21 Iúil 2012.
Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie.
Tabharfaidh an scoláireacht an deis do bheirt dhaoine fásta agus beirt pháistí freastal ar an chúrsa agus íocfar liúntas de €400 leo chun cuidiú le cúrsaí lóistín.
Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghlaigh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.
Beidh dhá scoláireacht a bhronnadh ar an chlár Barrscéalta ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA (11r.n.-12) gach lá ón Chéadaoin 27ú Meitheamh go dtí an Mháirt 3ú Iúil.
Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 8288764.