Méid an Téacs

Dán Nollag

Nollaig 21, 2010

Dídean Dé

(An Chéad Aingeal Coimhdeachta)

Cuireadh Íosa an leanbh ina luí i mainséar
is bhí an-áthas ar a thuistí,
Ach roimh i bhfad bhí Sé i ndainséar
mar gheall ar Héaród, an droch-rí.

Tháinig fir chríonna an bealach sin
is d’fhiosraigh Héaród fá dtaobh d’Íosa,
Ba mhaith leis féin scéal an linbh go cruinn
is d’fhillfeadh siad le nuacht le linn na míosa.

Lean siad réalt draíochta an lá ina dhiaidh
go raibh siad ag tarraingt ar bhaile Bheithil,
Chuidigh an réalt leo gan dul ar strae,
nárbh mhéanair sin dóibh is dá gcuid camall!

Chonaic siad Íosa is bronntanais leo
is bhí siad triúr go sona sásta,
D’fhág siad na féiríní ag A thuistí Dó
is chuaigh a luí is iad lán de ghrásta.

Nocht aingeal chucu i lár na hoíche
ach chan ar mhaithe leis na ríthe a scanrú,
D’inis sé dóibh istigh ina gcroíthe
go raibh Héaród ag súil le hÍosa beag a mharú!

Rinne siad amach gan dul ar ais
’s d’fhill siad chun an bhaile ar bhealach eile,
Cha raibh an leanbh Íosa ag dul a fháil bháis
’s nuair a chuala Héaród seo, is é a bhí ar buile!

Seán Mac Cionnaith, Ard Mhacha / Doire Cholmcille