Méid an Téacs

Deireadh Ré – Scor Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Iúil 15, 2014

I mí Eanáir na bliana seo d’fhógair Foras na Gaeilge torthaí an phróisis chuíchóirithe d’earnáil dheonach na Gaeilge inar ainmníodh sé cheanneagraíocht a mhaoineofar amach anseo faoin struchtúr nua a tháinig i bhfeidhm ar 01 Iúil 2014.

Bunaithe ar na critéir a bhí leagtha amach ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas iarratais níor roghnaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar cheanneagraíocht agus dá bharr tháinig deireadh le maoiniú na Comhdhála ar 30 Meitheamh 2014, agus cuireadh deireadh le fostaíocht an tseisir fhoirne ar an dáta sin.

Ag cruinniú aréir, 14 Iúil 2014, ghlac Bord Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cinneadh an eagraíocht a scor de réir Mhír V de Bhunreacht na Comhdhála. Cuireadh ar an taifead le linn an chruinnithe gur mheas an Bord nach raibh de rogha acu ach an cinneadh seo a ghlacadh i bhfianaise chinneadh an Fhorais chun deireadh a chur le maoiniú na heagraíochta, agus gur le croí trom a bhí an cinneadh á ghlacadh chun Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a bunaíodh sa bhliain 1943, a scor le feidhm láithreach. Tugadh ardmholadh ag an gcruinniú do ghairmiúlacht fhoireann na Comhdhála, agus don obair mhór mhaith a cuireadh i gcrích ar son na teanga le breis agus 70 bliain.

Ag labhairt di ag an gcruinniú urghnách de Bhord na Comhdhála, ghabh Deirbhile Nic Craith, Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge buíochas le balleagraíochtaí na Comhdhála as a gcuid tacaíochta don eagraíocht ó bunaíodh é agus go háirithe le linn an phróisis chuíchóirithe. Dúirt sí go raibh an-obair déanta ag an gComhdháil mar eagras lárnach i ngluaiseacht na Gaeilge. Ghabh sí buíochas leis an bhfoireann as a gcuid dúthrachta agus dílseachta agus ghuigh gach rath orthu sa todhchaí amach rompu.

www.gaelport.com