Méid an Téacs

Deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge teastas TEG a bhaint amach

Bealtaine 20, 2013

Tá Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) and Oideas Gael ag teacht le chéile chun deis a tabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge aitheantas a fháil ar a gcuid oibre agus iad ag freastal ar chúrsaí Oideas Gael an samhradh seo.

Beidh TEG ag reáchtáil scrúduithe béil i nGleann Cholm Chille i rith an tsamhraidh áit a dtabharfar an rogha do lucht foghlamtha Oideas Gael cáilíocht a fháil ar a gcuid scileanna labhartha. Beidh na scrúduithe á reáchtáil ar 22 Meitheamh, 6 Iúil agus 20 Iúil.

Ó bunaíodh é i 2005, tá Teastas Eorpach na Gaeilge ann mar an chéad agus an t-aon chóras teistiúchán Gaeilge do dhaoine fásta. Tá TEG dírithe ar gach duine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus tá os cionn 2,500 duine tar éis tabhairt faoi scrúduithe TEG go dtí seo, idir dhaoine in Éirinn agus thar sáile.

Tá aitheantas ó TEG ina chuidiú mór i dtaobh na hoibre de os rud é gur riachtanas iontrála é d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Coimisiún Fulbright, An Roinn Oideachais agus Scileanna; agus na Na Coláistí Oideachais: Institiúid Oideachais Marino, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus Coláiste Hibernia.

Beidh fáil ar scrúduithe TEG a leanas trí Oideas Gael:

A1 – Bonnleibhéal 1
A2 – Bonnleibhéal 2
B1 – Meánleibhéal 1
B2 – Meánleibhéal 2 (20 Iúil amháin)
C1 – Ardleibhéal 1 (20 Iúil amháin)
Beidh costas €50 ar scrúdú TEG trí Oideas Gael, agus is féidir clárú ag www.teg.ie. Tugtar comhairle maidir leis an leibhéal scrúdaithe gur ceart d’iarrthóirí tabhairt faoi ó mhúinteoirí Oideas Gael chomh maith le foireann TEG in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad. Tá tuilleadh eolas ar fáil ó shuíomh TEG www.teg.ie, ar teanga@nuim.ie nó ar 01 7086417.

Foilsithe ar Gaelport.com