Méid an Téacs

Deis do scoileanna i mBÁC a bheith rannpháirteach i sraith de chláir raidió ‘Óige Átha Cliath’

Meitheamh 26, 2012

Tá deis iontach á chur ar fáil do 10 ngaelscoil i mBÁC a bheith rannpháirteach i sraith de chláir raidió ‘Óige Átha Cliath’. Bheadh ceol, amhránaíocht, drámaíocht agus caint i gceist i ngach clár. Ba dheis iontach é seo talann agus cumas dhaltaí na scoile a léiriú don phobal. Bheadh deis iontach freisin ag na daltaí labhairt faoina scoil féin agus na nithe a bhaineadar amach – éachtanna spóirt, duaiseanna nó gradaim a bhuaigh an scoil & rl. – a phoibliú.

Má éiríonn leis an gcomhlacht ‘Scéal Eile’ an togra a chur ar bun, bheadh sé i gceist acu sraith 10 gclár (28 nóiméad an ceann) a chraoladh ar Raidió na Life ag tús 2013.

Bheadh gach clár ag teacht ó scoil difriúil i mBaile Átha Cliath agus bheadh raon difriúil nithe i ngach ceann. Bheadh sé múnlaithe ar an sraith ‘Siamsa Scoile’ a léirigh an comhlacht seo agus a chraoladh ar RTÉ-Raidió na Gaeltachta cúpla bliain ó shin.

Tá súil acu tús a chur leis an taifeadadh Mí Eanáir seo chugainn. Tuigim go bhfuilimid ag druidim i dtreo deireadh na scoilbliana ach más mian leat go mbeadh do scoil páirteach ann, féadfaidh tú glaoch a chur ar  Dheirdre Donnelly ag 087-4159355.