Méid an Téacs

Deontais ar fáil – Scoileanna Domhanda WorldWise

Márta 24, 2014

Tá deontais ar fáil ó Scoileanna Domhanda WorldWise (mar chuid de Chúnamh Éireann) le hoideachas forbartha a chur chun cinn i scoileanna iarbhunleibhéil, dírithe ar an tréimhse Meán Fómhair 2014 – Bealtaine 2015.

Cad is Oideachas Forbartha ann?

Próiseas oideachais atá san oideachas forbartha a dhíríonn ar feasacht a ardú ar chomh inathraitheach, idirspleách agus éagothrom is a bhfuil an domhain ina bhfuil muid. Tá Scoileanna Domhanda WorldWise ag iarraidh daltaí agus múinteoirí a spreagadh i dtreo an oideachas forbartha trí maoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil d’iarbhunscoileanna, gréasáin scoileanna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair le scoileanna, le go mbeidh ceartas agus forbairt domhanda mar ghné de ghníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim. Tá sonraí maidir leis an gclár le fáil ar www.worldwiseschools.ie agus tá tacaíocht i nGaeilge ar fáil do rannpháirtithe an chláir.

Deontais 2014

Más suim le do scoil nó eagraíocht iarratas a dhéanamh ar deontas don scoilbhliain 2014-2015, cláraigh linn ar www.worldwiseschools.ie/funding. Is féidir clárú chomh maith trí teagmháil a dhéanamh linn ar 01 6852078 nó info@worldwiseschools.ie. Is é an 16 Aibreán 2014 an spriocdháta le haghaidh iarratais.

WWGS Grant Call Flyer 2014