Méid an Téacs

Dianchúrsa Gaeilge in Ráth Chairn ón Luan 25 Samhain- Aoine 29 Samhain 2013

Samhain 11, 2013

Coláiste Eoin Uí Ghramhnaigh
Ráth Chairn
(046) 9432381

Is í aidhm an chúrsa seo ná cabhrú leis na foghlaimeoirí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge idir labhartha is scríofa. Aithnítear go bhfuil sé deacair do fhoghlaimeoirí cruinneas gramadaí agus struchtúir a chur ag obair dóibh féin agus déanfar gach iarracht trí mhodhanna múinte spreagúla cabhrú leo é seo a dhéanamh.
Is iad na pointí gramadaí a chlúdófar sa chúrsa ná:

• An t-ainmfhocal le béim faoi leith ar an Tuiseal Ginideach
• An Chopail ‘is’
• Aimsirí na mBriathra
• Na huimhreacha sa Ghaeilge
• Réamhfhocail

Chomh maith le buneolas faoi na pointí thuas beidh siad fite fuaite i gcomhráití ar mhúnla nádúrtha a chuirfear ar fáil don rang. Cabhróidh na comhráití seo leis na rannpháirtithe

a. feabhas a chur ar a gcuid foghraíochta
b. deis cainte a fháil le baill eile sa rang
c. greim a fháil ar struchtúr agus ord na teanga

Chomh maith leis na comhráití iomlána beidh ar na foghlaimeoirí codanna de chomhráití a líonadh isteach iad féin ionas go mbeidh deis acu abairtí cruinne a chumadh agus úsáid a bhaint as Gaeilge líofa, nádúrtha.

Beidh amchlár docht i gceist agus seo mar a bheidh leagan amach an lae:

9.30-11.00 Rang
11.00-11.15 Sos
11.15-12.30 Rang
12.30-1.30 Lón
1.30-2.30 Rang
2.30-2.40 Sos
2.40-3.30 Rang

Dar ndóigh toisc go bhfuil an cúrsa seo á reachtáil sa Ghaeltacht beifear ag súil go mbeidh Gaeilge á labhairt ag na rannpháirtithe le linn na ranganna agus ag am sosa/lóin.

Mar eolas duit tá siopa agus caifé i Ráth Chairn agus dá bharr ní gá an ceantar a fhágáil ag am lóin.

Tuilleadh eolas: 046-9432381/9432068
rathcairn@eircom.net