Méid an Téacs

Dianchúrsa i mBéal Feirste

Eanáir 7, 2013

Beidh cúrsaí deireadh seachtaine á reáchtail ag An Droichead i mBéal Feirste agus iad dírithe ar gach leibhéal, ón tosaitheoir glan go dtí an cainteoir líofa. Bíonn 4 leibhéal ranga ann de gnáth ( le GCSE & AS nuair foirsteanach ), dóibh siúd ar bheagán Gaeilge go ard leibhéal.

Cuirtear seirbhís naíolainne saor in aisce ar fáil do gach dianchúrsa ach is gá áit a chur in áirithe roimh ré de bharr go bhfuil eileamh ar an tseirbhís. Clúdaíonn an táille £25 (£15.00 do bhaill An Droichead agus do dhéagóirí idir 14 – 18, *Saor in aisce do thuismitheoirí Scoil An Droichid*) lón te, tae, caife agus páirceáil shaor in aisce. Bíonn lacáiste ann do mhic léinn, do ghrúpaí, ach é a iarraidh. Tá foirgneamh An Droichead feiliúnach don lucht míchumasach.
Beidh an chéad Dianchúrsa eile ( cúrsa lae ): Dé Sathairn, 16 Mí Márta, 2013 10.00rn – 4.00in

Tae, Caife agus Lón san áireamh

Bunrang
Meánrang Íochtarach
Meánrang Uachtarach
Ardrang
GCSE
AS

Le clárú, labhair le Jim nó Claire ar 02890288818 nó cuir r-phost chuig imeachtai@androichead.com.

Foilsithe ar Gaelport.com