Méid an Téacs

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Lúnasa 23, 2013

Ar mhaith leat bheith i do chraoltóir ar Raidió Fáilte?

Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i gcúrsa traenála atá á reáchtáil i gcomhar leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar.

Le cois bunscileanna craoltóireachta, beidh an deis ag na rannpháirtithe scileanna taighde agus iriseoireachta a fhoghlaim, scileanna agallaimh agus cur i láthair, scriptscríbhneoireacht, eagarthóireacht agus meascadh fuaime, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid gléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo.

Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo ar Bhóthar na bhFál, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge.

Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Anuas air sin, beidh an deis ag na rannpháirtithe a slot féin a fháil ar sceideal gnóthach Raidió Fáilte – an t-aon staisiún lán-Ghaeilge sa Tuaisceart!

Beidh an cúrsa ag tosú 07 Meán Fómhair. Moltar duit áit a chur in áirithe go luath óir bíonn an-rachairt ar an chúrsa! Ná cailligí an deis!

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com roimh an 02 Meán Fómhair 2013
Tuilleadh sonraí le fáil ar www.raidiofailte.com.

Foilsithe ar Gaelport.com