Dianchúrsaí seachtaine Gaeilge
Meitheamh 4, 2013
Beidh dianchúrsa seachtaine Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag Comharchumann Ráth Chairn i nGaeltacht Ráth Chairn go luath. Beidh béim faoi leith ar labhairt is ar chruinneas na teanga i Ráth Chairn le linn an chúrsa seo ón 24ú-28ú Meitheamh 2013.
Am: 9.30rn-3.30in.
Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath i gContae na Mí. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.
Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Beidh deis iontach ag rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.
Tuilleadh eolais: 046-9432381/9432068 / R: rathcairn@eircom.net
Foilsithe ar Gaelport.co