Méid an Téacs

Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile (DGCS)

Márta 13, 2018

Tá baint lárnach ag caighdeán na ceannaireachta scoile le héifeachtúlacht scoile agus le torthaí dea-fhoghlama a bhaint amach. Tá fianaise láidir ó go leor tíortha go dteastaíonn forbairt ghairmiúil agus tacaíocht ar leith ó cheannairí scoile chun teacht i dtír ar an ról agus na freagrachtaí atá le comhlíonadh acu i gcóras éifeachtach scoile. Ag an am céanna tá sé aitheanta go bhfuil ceannaireacht scoile éirithe níos casta, níos dúshlánaí agus níos éagsúla. Sa chomhthéacs seo is mian leis an Roinn Oideachais agus Scileanna grúpa daoine ardoilte sa cheannaireacht a aithint, a chothú agus a fhorbairt chun freastal ar riachtanais cheannaireachta reatha agus amach anseo dár scoileanna.

  • Dioplóma iarchéime i gceannaireacht scoile atá forbartha ag Ollscoil Luimnigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath.
  • Is é an DGCS an tSraith Ghaeilge den ‘Professional Diploma in School Leadership.’ Tá sé faoi scáth OÉ Gaillimh agus tá sé dírithe ar earnáil an Ghaeloideachais.
  • Tá sé dírithe ar mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile.
  • Tugann an dioplóma iarchéime seo an cháilíocht, an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín do mhúinteoirí uaillmhianacha le go mbeidh siad ullamh le tabhairt faoi ról ceannaireachta i scoileanna.
  • Tagann na mic léinn ar thuiscint dhomhain ar na heochairchoincheapa agus saincheisteanna i litríocht na ceannaireachta agus bíonn ar a gcumas iad a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an oideachais trí Ghaeilge.
  • Is foghlaim chumaisc atá ann leis na léachtaí/ábhar léitheoireachta á gcur ar fáil ar líne, ranganna teagaisc á reáchtáil ar líne agus roinnt bheag laethanta ar an láthair.
  • Reáchtáiltear an DGCS trí Ghaeilge: ranganna teagaisc, cumarsáid, plé, measúnaithe, srl.
  • Tá taithí ceannaireachta in earnáil an Ghaeloideachais acu siúd atá i mbun an DGCS. Tagann na mic léinn ar thuiscint níos saibhre ar an gceannaireacht sa chomhthéacs lán-Ghaeilge tríd an bplé a bhíonn acu lena gcomhghleacaithe agus le foireann an chúrsa.
  • Cúrsa páirtaimseartha 18 mí.
  • Riachtanais Iontrála: NFQ 8, cáilíocht in oideachas múinteoirí, a bheith cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus taithí 5 bliana múinteoireachta.
  • Tá an DGSC arna pháirtchistiú ag an Roinn Oideachas agus Scileanna. €2,000 le híoc ag rannpháirtithe.
  • Tuilleadh Eolais: https://www.ul.ie/cpe/pdsl/node/1

Na Modúil:
1) Foghlaim agus Teagasc a threorú i gcomhthéacs na hÉireann
2) Fás agus Forbairt Ghairmiúil: Dearcadh ar an gCeannaireacht
3) Bainistíocht Eagraíochta: Ag Breathnú ar ár Scoileanna
4) Meántóireacht agus Oiliúint
5) Forbairt Scoileanna a Threorú: Athrú Leanúnachais agus Acmhainn a Fhorbairt
6) Neartú Cumas Cultúir agus Foirne