Méid an Téacs

Doire le Féile Bheag na Leabhar a cheiliúradh

Feabhra 15, 2013

Beidh Féile Bheag na Leabhar – an chéad fhéile leabhar agus scéalaíochta do pháistí – ar siúl i nDoire Cholm Cille ón 7ú go dtí an 9ú Márta mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2013.

Is é is cuspóir leis an fhéile ná suim i leabhair, léitheoireacht agus scéalaíocht na Gaeilge a spreagadh i measc páistí óga.

Cuirfear tús leis an fhéile ar an Déardaoin 7ú Márta le himeacht speisialta scéalaíochta do pháistí ó 8 – 11 bliana d’aois le Gearóidín Bhreathnach (Gearóidín Neidí Frainc) sárscéalaí agus amhránaí clúiteach as Gaeltacht Rinn na Feirste. Déanfaidh Gearóidín Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh agus beidh deis ag páistí a fhreastlaíonn ar an lá an leabhar is fearr leo a thabhairt go dtí an t-imeacht agus plé a dhéanamh leis an aoíscéalaí agus le páistí eile ar an dóigh a ndeachaigh an leabhar i bhfeidhm orthu.

Ar an Aoine 8ú Márta beidh an scríbhneoir agus scéalaí iomráiteach Séamas Mac Annaidh ag athshamhlú finscéalta agus fabhalscéalta traidisiúnta Gaelacha do pháistí ó 5 – 7 bliana d’aois. Inseoidh an scéalaí seanscéalta agus miotais ina stíl uathúil féin leis an bhéim ar scéalaíocht trí dhrámaíocht. Beidh deis ag páistí dul i dteagmháil le traidisiúin bhéil na nGael trí cheird na scéalaíochta.

Críochnaíonn an fhéile ar an Satharn 9ú Márta le seoladh an leabhair ‘Déanann Rosie Réidh’ a scríobhadh agus a maisíodh ag an scríbhneoir áitiúil Trish Deery. Ceiliúrfar seoladh an leabhair le cóisir pháistí agus le léitheoireacht ón leabhar féin leis an scéalaí agus ealaíontóir áitiúil Cara Ní Mhaonaigh a chuirfidh beocht agus beatha sa scéal do chluasa óga sa lucht éisteachta. Beidh scríbhneoir agus maisitheoir an leabhair, Trish Deery, i láthair ar an lá le páirt a ghlacadh agus le líníochtaí a dhéanamh beo!

Tá Féile Bheag na Leabhar á heagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar leis an Humdinger! Children’s Literature Festival agus tá sí cómhaoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Chathrach. Is féidir clár iomlán Humdinger! a íoslódáil ón nasc seo: www.humdingerbookfestival.com.

I rith na féile beidh Aonach Leabhar Gaeilge ar fáil ag a mbeidh rogha agus togha na bhfoilseachán is fearr Gaeilge.

Beidh gach imeacht ar siúl ag Ionad Ealaíon An Croí ag Cultúrlann Uí Chanáin. Reáchtáilfear gach imeacht trí mheán na Gaeilge amháin. Ní mór cur in áirithe mar go mbeidh áiteanna teoranta.

Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: 028 71376 579 nó seol ríomhphost chuig gaeilge@derrycity.gov.uk.

Gearóidín Bhreathnach
Is as Rinn na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill í Gearóidín Bhreathnach nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi. Chaith a hathair a shaol ag scéalaíocht agus a athair roimhe agus tá ceird na scéalaíochta go smior inti féin. Bhuaigh sí an comórtas is mó sean-nóis, Corn Uí Riada ag an Oireachtas sa bhliain 1996 agus tá leabhar do pháistí dar teideal Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile foilsithe aici.

Séamas Mac Annaidh
Is scéalaí, scríbhneoir agus staraí é Séamas Mac Annaidh ó Chontae Fhear Manach. Tá sé úrscéal agus dhá chnuasach ghearrscéalta scríofa aige. Chuir sé sraith teilifíse le haghaidh páistí, An tÁiléir Draíochta, i láthair ar BBC Thuaisceart Éireann. Bhí Séamas ina scríbhneoir cónaitheach in Ollscoil na Banríona/Ollscoil Uladh 1989-1991; in Ollscoil na Gaillimhe 2007-2009 agus le Comhairle Cheantair Fhear Manach 2008-2010.

Cara Ní Mhaonaigh
Rugadh Cara Ní Mhaonaigh nó Cara Parc (ainm ardáin) sa bhlian 1981 i nDoire.
D’fhreastail sí ar Bhunscoil Bhaile Stíl nó Bunscoil Cholmcille mar a thugtar ar an scoil anois. Chuaigh sí go Londain nuair a bhí sí 18 mbliana d’aois áit a ndeachaigh sí go hOllscoil Ealaíon Camberwell le staidéar a dhéanamh ar na healaíona agus ansin go Coláiste Ealaíon agus Dearaidh Central Saint Martins le staidéar a dhéanamh ar an Fhaisean. Is ceoltóir í fosta a cheol gigeanna ag Féile Glastonbury, Secret Garden Party agus Lovebox. Faoi lathair, tá sí ag obair leis an ealaíontóir Rita Duffy ar thionscnamh ealaíne Shirt Factory a ndéanfaidh taifead ar thaithí na mban a d’oibrigh sna monarchana léinteoireachta i nDoire.