Dréachtbhille do Ligean Isteach ar Scoil á fhoilsiú ag an Aire Quinn chun ligean isteach páistí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a rialú
Meán Fómhair 3, 2013
Dréachtbhille do Ligean Isteach ar Scoil á fhoilsiú ag an Aire Quinn chun ligean isteach páistí i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a rialú.
Tá na rialacháin beartaithe chun bheith mar bhun agus mar thaca le próiseas cothrom, trédhearcach rollaithe faoina seachnaítear leithdháileadh ionaid scoile de réir liostaí feithimh agus faoina gcosctar scoileanna ar éarlaisí nó íocaíochtaí a iarraidh mar chuid den phróiseas ligin isteach.
Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, tar éis Dréachtscéim Ghinearálta a fhoilsiú do Bhille Oideachais (Ligean Isteach ar Scoil), 2013 mar aon le dréachtrialacháin chun a bpléite sula n-achtófar an reachtaíocht.
Faoi na cinn bille atá faofa ag an gComh-aireacht, beartaítear creat nua cothromasach, comhsheasmhach a thacóidh le tuismitheoirí, chun an polasaí faoi ligean isteach ar scoil a rialú do na 4,000 bunscoil agus iar-bhunscoil ar fad. Má achtaítear an creat seo ina dhlí, cuirfear feabhas ar an rochtain ar scoileanna do na daltaí uile agus cinnteofar go mbeidh comhsheasmhacht, cothroime agus trédhearcacht ag baint leis na polasaithe faoi ligean isteach atá ag na scoileanna uile.
Tá sé d’aidhm ag an Aire feabhas a chur ar an bpróiseas ligin isteach chun a chinntiú go gcinneann na scoileanna ar iarratais i mbealach struchtúrtha, cothrom, trédhearcach. Táthar ag iarraidh a shocrú faoin dréachtbhille nach ar thuismitheoirí a bheidh an dualgas achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí scoileanna ionad a dhiúltú dá gclann – cuirfidh sé seo deireadh leis an gcóras casta achomharc chuig an Roinn atá ann faoi láthair faoi Alt 29 den Acht Oideachais, as a dtagann cásanna cúirte uaireanta.
Cuirfidh na bearta atá tograithe ar chumas an Aire Oideachais agus Scileanna éileamh ar scoileanna comhoibriú leis nuair a tharlaíonn díospóidí a bhaineann le ligean isteach. Beidh sé ar chumas an Aire chomh maith duine neamhspleách a cheapadh faoi dheoidh chun an próiseas rollaithe a chur i bhfeidhm áit a mbeidh scoil tar éis diúltú a cuid cleachtas a leasú de réir na reachtaíochta.
Déantar iarracht faoi na dréachtrialacháin cothrom na féinne a thabhairt do theaghlaigh atá tar éis cur fúthu i gceantar nó atá ag filleadh chun cónaithe ann mar aon lena chinntiú nach mbeidh ioncam na dtuismitheoirí nó a gcumas chun táillí iontrála a íoc ina mbonn leis an gcinneadh faoi ligean isteach ar scoil. Cuirfear deireadh faoi na rialacháin chomh maith leis na “bacainní boga” a théann i gcion ar pháistí a mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu.
Faoi na tograí:
- Ní ligfí do scoileanna iarratais ar ligean isteach a ghlacadh roimh 1ú Deireadh Fómhair na bliana roimh bhliain an rollaithe ach go gceadófaí tréimhse níos faide ná sin i gcás scoileanna cónaithe.
- Bheadh sé ar chumas an Aire a rialú nach ceadaithe táillí iontrála ar bith a iarraidh nó a ghearradh mar choinníoll le hiarratas a dhéanamh ar ligean isteach ar scoil.
- Ní bheadh scoileanna in ann agallaimh a chur ar thuismitheoirí agus páistí roimh an rollú.
- Áit gur féidir le scoileanna a chruthú go bhfuil liostaí feithimh ar bun acu, is féidir, de mhaolú air sin, ligint dóibh na liostaí sin a ghlanadh thar thréimhse roinnt blianta.
- Ligfear do scoileanna tús áite a thabhairt d’iarratasóir gur siblín é/í le mac léinn nó iarmhac léinn de chuid na scoile.
- Déileálfar le hachomhairc ag leibhéal na scoile faoi shocruithe simplithe.
“Creidim go bhfuil bealach níos fearr ann le déileáil le ligean isteach ar scoil. Baineann na bearta seo le ‘dea-bhainistí’, mar a déarfá, agus tiocfaidh breis trédhearcachta, cothroime agus comhsheasmhachta astu sa tslí ina bhfeidhmeoidh scoileanna a gcuid próiseas ligin isteach,” adúirt an tAire Quinn.
“Bíodh is nach mian liom cur isteach an iomarca ar bhainistíocht scoile ó lá go lá, tá cothromaíocht bainte amach ag an gcreat nua rialála, atá beartaithe, idir neamhspleáchas na scoileanna agus cothroime inár gcóras oideachais agus d’éileodh sé ar scoileanna seirbhís níos fearr a chur ar fáil do thuismitheoirí. Leasú suntasach ar an tseirbhís phoiblí atá sa chreat a bhfuil sé d’aidhm aige feabhas mór a chur ar an dtaithí a bhíonn ag an bpobal i dtaca le ligean isteach mac léinn ar scoileanna.”
Eiseofar an Dréachtscéim Ghinearálta agus na dréachtrialacháin chuig Comhchoiste an Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach inniu, chun deis a thabhairt ar phlé iomlán poiblí, ionchuir ó thuismitheoirí agus na comhpháirtithe oideachais san áireamh.
“Tá súil agam go mbreithneoidh an Comhchoiste an cheist seo go luath i dtreo is go bhféadfaimid dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile leis an reachtaíocht a luaithe is féidir,” adúirt an tAire. “I gcaitheamh an phróisis seo ar fad, ba mhian liom a chinntiú go mbeadh próiseas cóir, cothrom ligin isteach ar scoil againn. Tá fhios agam go bhfuil an-chuid tuismitheoirí sásta leis na scoileanna a bhfreastalaíonn a gclann orthu. Ach tá cásanna ann ina bhfuil díomá agus míshástacht i gceist agus gan ach bealaigh teoranta ann chun déileáil leis seo.”
Ta foilsiú na gceann bille agus na ndréachtrialachán ag teacht i ndiaidh phróiseas phoiblí comhairlithe a reáchtáladh in 2011.
“Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí gafa leis an gcomhairliúchán poiblí faoin ngnó seo go nuige seo, agus tá muinín agam go mbeimid in ann oibriú le chéile i gcónaí chun athrú a chur ar an gcóras ar mhaithe leis na mic léinn, leis na scoileanna agus leis na teaghlaigh go léir,” adúirt an tAire Quinn.
Faoi fhorálacha reatha an Acht Oideachais, 1998, tá teorainn leis na roghanna atá ar fáil don Aire chun fadhbanna a thagann chun cinn ag an leibhéal áitiúil a réiteach. Cinnte, tugtar cumhacht don Aire faoin reachtaíocht “ligean isteach páistí ar scoileanna” a rialú. Cumhacht ghinearálta atá ann, áfach, agus ní leagtar amach go follasach san Acht fairsinge ná scóip rialachán dá leithéid.
Leagtar amach faoi na forálacha eile bainteacha san Acht gur feidhm scoile é polasaí a bhunú agus a chothabháil, agus déantar foráil do phróiseas achomharc faoi Alt 29 den reachtaíocht.
Faoi láthair, níl, i ndáiríre, ach dhá réiteach ann de réir dlí chun fadhbanna a réiteach a bhaineann le cleachtas maidir le ligean isteach ar scoil. Ceann díobh is ea córas achomharc Ailt 29 atá luaite thuas. Faoin réiteach eile, tá cumhacht ag pátrún scoile nó ag an Aire chun an bord bainistíochta a dhíscaoileadh áit a bhfuil buairt ann faoin gcaoi ina bhfuil Bord tar éis a chuid feidhmeanna a chur i ngníomh. Ábhar buartha a bheadh ann dá mbeifí in amhras go raibh droch-chleachtas ar siúl maidir le ligean isteach ar scoil.
Bíodh is go bhfuil próiseas achomharc curtha ar fáil faoi Alt 29 do thuismitheoirí agus mic léinn ní dhéantar aon idirdhealú faoi idir an cás ina ndiúltaítear páiste a rollú de bharr gur mó líon na n-iarratas ná líon na n-ionad atá ar fáil (ró-shuibscríobh) agus an cás inar amhlaidh nach bhfuil mac léinn in ann ionad a fháil i scoil ar bith i gceantar. Tugadh an iliomad achomharc faoi Alt 29 i gcásanna ró-shuibscríofa agus cruthaíodh ualach suntasach riaracháin do scoileanna.