Méid an Téacs

Duaiseanna Ghlór na nGael 2014 bronnta

Márta 31, 2014

Bronnadh Duais Náisiúnta Ghlór na nGael 2014 ar Chomharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, ag an deireadh seachtaine.

Bhailigh grúpaí agus coistí Gaeilge ó cheann ceann na tíre agus thar lear, in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 29 Márta 2014, lena gcuid éachtaí i dtaobh chaomhnú agus chur chun cinn na Gaeilge ina gceantair a cheiliúradh.

Rinne an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich comhghairdeas leis na grúpaí uilig agus é ag bronnadh níos mó ná €120,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, coistí scoile agus ollscoile agus ar choistí ó Alba, Cheanada agus Mheiriceá.

Dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich, “Ní féidir luach a chur ar spiorad na meithle a spreagann na comórtais seo ó bhliain go bliain. Tá aitheantas agus moladh ag dul fosta do na heagrais ar fad a dhéanann urraíocht ar na comórtais éagsúla – agus tá an chomhpháirtíocht idir Glór na nGael agus na hurraí seo thar a bheith tábhachtach do rath na hoibre”.

Cé gur fógraíodh formhór na mbuaiteoirí i mí Feabhra, níor ainmníodh buaiteoir Dhuais Ghlór na nGael ná buaiteoir an Chomórtas Tríú Leibhéil go dtí an searmanas speisialta ar an Satharn.

Bronnadh €20,000, urraithe ag an Roinn Ealaíona, Oidhreacht agus Gaeltachta, agus Trófaí Ghlór an nGael, urraithe ag Foras na Gaeilge, ar Chomharchumann Mhic Dara den chéad uair ar an oíche. Ba iad Coiste Forbartha Dobhair, Dún na nGall, buaiteoirí an chomórtais náisiúnta anuraidh.

Fógraíodh freisin gurbh iad Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide a thóg duais an Chomórtas Tríú Leibhéal agus seic ar €2,000 leo den tríú bliain as a chéile.

Foilsithe ar Gaelport.com