Méid an Téacs

€661,071 curtha i dtreo chur chun cinn na Gaeilge i mí na Samhna 2012

Samhain 21, 2012

D’fhógair an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeilge i gcaitheamh na míosa seo go rachadh deontais éagsúla de luach €661,071 san iomlán i dtreo comhlachtaí, grúpaí agus clubanna lonnaithe sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Rachaidh an maoiniú i dtreo tionscadail reatha sna Gaeltachtaí i gCo. Chiarraí, Co. na Gaillimhe, Co. Dhún na nGall agus Co. Phort Láirge.

Chuaigh an líon is mó deontas chuig eagraíochtaí agus Coláistí Samhraidh ag plé leis an óige le luach €61,634 ag dul do 11 coláiste Gaeilge ar fud na tíre. Chuaigh €18,787 den luach sin go Coláiste Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Cheadaigh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich €5,000 mar chabhair chun an Scéim Oiliúna Rugbaí a fhorbairt i gCorca Dhuibhne don scoilbhliain 2012/13 agus €6,965 do Ghasóga Ghaoth Dobhair chun trealamh campála a cheannach.

Ar na mórdheontais a ceadaíodh an mhí seo, bronnadh €74,738 ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar mhaithe le cartlann úr d’ábhar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh ó bunaíodh an stáisiún in 1971 in Áras Shorcha Uí Ghuairim i Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe. Táthar ag súil go gcuimseoidh an chartlann ábhar a bhfuil luach náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi.

Chomh maith leis sin, bronnadh €470,000 don tionscadal taighde www.abair.ie a seoladh ag Oireachtas na Samhna 2012 i Leitir Ceanainn. Déanann an físeán thíos cur síos ar an togra leanúnach seo: Gaelport.com

Ó thaobh na n-ealaíona Gaeilge de, cheadaigh an tAire Stáit €4,475 do Scoil Cheoil Shliabh Liag chun cur ar chumas an choiste áitiúil an costas a bhain le ranganna ceoil a chuireadh ar fáil do pháistí an cheantair a chlúdach. Chomh maith leis sin, ceadaíodh deontas €8,000 don “Chrann Óg”, na Doirí Beaga, chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na healaíona i gceantar Ghaoth Dobhair agus €750 do Choiste Banna Sóisearach an Mhachaire le dul i dtreo uirlisí ceoil úra a cheannach.

I measc na ndeontas eile ceadaíodh €9,471 do Choiste Ionad Pobail Charraig Uí Bhaoill chun cur ar a gcumas iomaire féir a cheannach agus chuaigh deontas de luach €6,082 chuig Phobalscoil Chorca Dhuibhne le dul i dtreo gléas fótachóipeála nua agus dhá theilgeoir a cheannach.

Foilsithe ar Gaelport