Méid an Téacs

€742,438 ceadaithe don Scéim Cúntóirí Teanga don bhliain 2013/2014

Lúnasa 27, 2013

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tseachtain seo caite go bhfuil € 742,438 ceadaithe aige chun an Scéim Cúntóirí Teanga a reáchtáil.

Díríonn an Scéim seo, atá ar an bhfód ó 1999, ar shaibhreas Gaeilge pháistí na Gaeltachta a threisiú chun an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc gasúir bhunscoile.
I mí Aibreáin 2012 fógraíodh forbairtí ar an scéim mar ghné shuntasach den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mar chuid de Straitéis Fiche Bliain na Gaeilge. Faoin scéim seo, cuireann 80 cúntóir teanga seirbhísí ar fáil do 100 scoil Gaeltachta.
Roinnfear an deontas don scoilbhliain 2013/2014 ar dhá eagraíocht ar leith, Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Déanann Muintearas an tseirbhís a riar do scoileanna Gaeltachta i nGaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall agus Co. na Mí agus déanann Oidhreacht Chorca Dhuibhne na seirbhísí sin a riar do scoileanna Gaeltachta i gCo. Chiarraí, Co. Chorcaí, agus Co. Phort Láirge.
Laghdú de 2.5% is ea deontas na bliana seo, anuas ó €762,378 don scoilbhliain 2011/2012. Cuireadh leasuithe substaintiúla i bhfeidhm ar an scéim seo anuraidh, le méadú de €150,000 breise curtha ar fáil anuraidh ná mar a cuireadh ar fáil don bhliain 2011/2012. Chuir an deontas méadaithe ar chumas na gcúntóirí teanga uaireanta teagmhála breise agus áiseanna breise a sholáthar don líon mór páistí a bhain tairbhe as an scéim.
Cuireadh tús le linn na scoilbhliana seo caite le gné nua den scéim seo, ‘Cluas sa Chlós’, chun cabhrú le nósmhaireacht teanga i measc na scoláirí taobh amuigh den seomra ranga ionas go mbeadh an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga cumarsáide i gclós na scoile. Roimhe seo, dhírigh an scéim seo ar ghasúir gan Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta, ach den chéad uair anuraidh rinneadh freastal ar leith ar na páistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu trí uaireanta breise a cheadú sna scoileanna Gaeltachta sin atá suite sna ceantair a bhfuil an Ghaeilge fós mar theanga pobail agus teaghlaigh iontu.
Ag labhairt dó agus é ag fógairt an deontais, dúir an tAire Stáit Gaeltachta: ““Is céim shuntasach eile é seo i bhfeidhmiú an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh. Nuair a sheol mé an Clár sin i mí Aibreáin 2012, thagair mé don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Mar gheall ar an gcúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagras a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht”.

Foilsithe ar Gaelport.com