Méid an Téacs

€75,000 ceadaithe ag an Aire mar thacú don Chlár Tacaíochta Teaghlaigh

Meán Fómhair 18, 2012

Tá deontas €75,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Dinny McGinley i leith costas reáchtála ranganna aclaíochta i mbunscoileanna Ghaeltacht Chonamara.

Ceadaíodh an deontas do Mhuintearas Teo. don scoilbhliain 2012/2013 mar thacú d’fhorbairt an Chláir Thacaíochta Teaghlaigh sa cheantar, ag treisiú chur i bhfeidhm leanúnach an chláir trí thionscadail phobail.

Ag fógairt an deontais dúirt an tAire, “Is céim phraiticiúil eile í seo i gcur i bhfeidhm an chuid sin den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh atá dírithe ar thacú le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil páistí bunscoile acu atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil trí Ghaeilge”.

Seo an dara deontas de chuid na Roinne a bronnadh ar Mhuintearas Teo., togra pobail agus oideachais Ghaeltachta, le seachtain anuas. D’fhógair an tAire Stáit McGinley deontas €762,378 ar an gCéadaoin seo caite, a bheidh á roinnt idir Muintearas Teo. agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne, le cur le seirbhísí teanga sna scoileanna Gaeltachta, rud atá mar “chuid dhílis de chur i bhfeidhm córasach an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh”.

I mí Aibreáin na bliana seo fógraíodh forbairt ar Scéim na gCúntóirí Teanga mar ghné shuntasach den Chlár Tacaíochta Teaghlaigh. Díríonn an Scéim ar shaibhreas Gaeilge pháistí Gaeltachta a threisiú trí sheirbhís cúntóra teanga a chur i bhfeidhm i scoileanna Gaeltachta.

Fógraíodh ag tús an tsamhraidh go dtiocfaidh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, cúnamh tacúil do thuismitheoirí ar mian leo a gcuid páistí a thógáil trí Ghaeilge, in áit Scéim Labhairt na Gaeilge, an cúnamh Rialtais a bhíodh i bhfeidhm sna blianta atá imithe thart. Faoin gclár nua atá á chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ní íocfar aon deontas le rannpháirtithe, rud a bhíodh á dhéanamh sa seanchóras, agus cuirfear seirbhís phraiticiúil agus éascaithe i bhfeidhm ina áit.

Cuireadh síos ar an gclár nua mar ghréasán náisiúnta tacaíochta do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge. Cúnamh praiticiúil atá sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a dhíríonn ar theaghlaigh Ghaeltachta go príomha ag a bhfuil sé mar sprioc acu an Ghaeilge a bheith mar phríomhtheanga, agus déanfar teaghlaigh áirithe lasmuigh den Ghaeltacht a chlárú freisin.

Déanann an clár freastal ar gach cineál grúpa idir theaghlaigh atá ag súil le páiste agus theaghlaigh Ghaeltachta ina bhfuil páistí réamhscolaíochta nó déagóirí. Cuirtear cúnamh ar fáil do theaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga cheana féin agus teaghlaigh ar mian leo í a bheith mar phríomhtheanga. Cuireann an clár pacáistí eolais ar fáil dá rannpháirtithe a chuireann síos ar na seirbhísí tacaíochta oideachais agus sláinte atá ar fáil do theaghlaigh arb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga. Anuas air sin, scaipfear eolas breise maidir le buntáistí agus na modhanna is fearr le páistí a thógáil trí Ghaeilge.

Tá gach eolas maidir leis an gClár Tacaíochta Teaghlaigh ar fáil ag http://www.ahg.gov.ie/ie/AnGhaeltacht/ClairTheangalarnaithe/AnClarTacaiochtaTeaghlaigh.

Foilsithe ar Gaelport.com