Méid an Téacs

Eagraíochtaí Gaeilge ó thuaidh le plé ar Cormac ag a Cúig

Feabhra 4, 2014

Cormac ag a Cúig ag craoladh beo ó Bhéal Feirste tráthnóna inniu le todhchaí na Gaeilge ó thuaidh faoi mhúnla nua Fhoras na Gaeilge a phlé

D’fhógair Foras na Gaeilge an mhí seo caite gurb iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na sé cheanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú in Earnáil Dheonach na Gaeilge mar chuid den mhúnla nua maoinithe. Tiocfaidh deireadh le maoiniú na n-eagraíochtaí nár éirigh leo sa phróisis ag deireadh mhí Mheithimh 2014.

Cé go bhfuil feidhm uile-oileáin ag cuid de na heagraíochtaí a roghnaíodh (thuas) cheana féin, is i bPoblacht na hÉireann atá a gceanncheathrú ag gach ceann acu. Tá imní léirithe faoi seo ó fógraíodh toradh an phróisis toisc an easpa tacaíochta a bheidh ar fáil do na struchtúr reatha teanga ó thuaidh.

Cuirfear deireadh le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Pobal, rud a chiallóidh go mbeidh foirne na n-eagraíochtaí ligthe chun siúil agus go mb’fhéidir go mbeidh deireadh á chur leis na heagrais féin. Mar eagraíochtaí deonacha, d’fhéadfadh na heagrais seo leanúint ar aghaidh gan mhaoiniú agus gan fhoireann, ach is cinnte go mbeadh tionchar iontach diúltach aige seo ar obair na n-eagras.

Craolfar eagrán speisialta de Cormac ag a Cúig beo ó Chultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste inniu, Dé Máirt, 4 Feabhra 2014, a bheas ag díriú ar na hathruithe atá fógartha ag Foras na Gaeilge ar earnáil na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh an bpobal chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich áit a dtabharfar deis don slua ceisteanna a chur faoin leagan amach nua ar Earnáil na Gaeilge.

Tá dearbhaithe go mbeidh Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na nGaeilge agus Glór na nGael i láthair tráthnóna.

Beidh an t-eagrán speisialta de Cormac ag a Cúig le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, www.rte.ie/rnag, inniu, 4 Feabhra 2014, ó 5.00-6.00pm.

Foilsithe ar Gaelport.com