Méid an Téacs

Eilíonn Earnáil na Gaelscolaíochta 4 leasú sa Bhille Oideachais

Deireadh Fómhair 7, 2014

Éilíonn muid go ndéanfar ann tagairt ar leith do na rudaí seo a leanas:

• Go mbeidh de dhualgas ar an Údarás Oideachais nua “…forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú” [Alt 89 d’Ordú 1998].
• Go mbeidh daoine ar Bhord an Údaráis Oideachais a fheictear don Roinn Oideachais a dhéanann ionadaíocht do leas Earnáil na Gaelscolaíochta;
• Go mbeidh de dhualgas ar gach comhlacht gaolmhar de chuid na Roinne Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú.
• Go gcabhróidh an tÚdarás Oideachais le forbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de.
Go mbeidh de dhualgas ar an Údarás Oideachais forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú

Ní éilítear leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair ar Bhoird Oideachais agus Leabharlann cloí le hAlt 89 d’Ordú 1998. Más rud é go dtuigtear nach bhfuil dualgas an Údaráis Oideachais le forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú docht daingean sa Bhille, tá baol ann go gceapfaidh sé nach gá dó an an dualgas seo a chomhlíonadh. Tá tionchar díobhálach, bacúil imeartha ar fhorbairt na Gaelscolaíochta i réimsí ar nós an iompair, na pleanála teanga agus tacaíochta do ghobharnóirí, srl. mar gheall ar nach bhfuil de dhualgas ar na Boird Oideachais agus Leabharlann cloí leis an ordú thuasluaite. Tá tuairim dhlíthiúil a lorg CnaG ag teacht leis an dearcadh seo. Tá deis againn mar sin an cheist seo a réiteach sa Bhille Oideachais nua seo.

Go mbeidh daoine ar Bhord an Údaráis Oideachais a fheictear don Roinn Oideachais a dhéanann ionadaíocht do leas Earnáil na Gaelscolaíochta;

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Oideachais le Coiste Oideachais Thionól Thuaisceart Éireann (30.09.14) nach mbeidh ball ag Earnáil na Gaelscolaíochta ar Bhord an Údaráis Oideachais. Séantar leis seo aon ionchur ar leibhéal boird an Údaráis Oideachais ar Earnáil na Gaelscolaíochta, ach tugtar deis d’aistreoirí, d’iontaobhaithe de chuid earnálacha eile, agus d’ionadaithe polaitiúla áit a ghlacadh ar an mBord. Caithfear an neamhchothroime seo a chur ina ceart ach ceadú d’Earnáil na Gaelscolaíochta ball a bheith aici ar an mBord. Chuirfeadh sé seo in iúl go soiléir go dtuigeann an Roinn Oideachais an dualgas reachtúil atá uirthi le forbairt Earnáil na Gaelscolaíochta a éascú agus a spreagadh, ar bhealaí nach gá di i gcás earnálacha eile, trí bhearta dearfacha a dhéanamh nó trí fháil réidh le bacainní a thagann salach ar an sprioc reachtúil seo.

Go mbeidh de dhualgas ar gach comhlacht gaolmhar de chuid na Roinne Oideachais “…forbairt na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a éascú.”

Deirtear i gCuid 1, Alt 2 den Treoir i ndáil le Gealltanais Rialtas na Ríochta Aontaithe i leith na Gaeilge agus na hUltaise, an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, (leagan 2) go bhfuil“an Chairt ina ceangal ar gach ceann de na stáit a dhaingneoidh í. Dá bhrí sin, tá impleachtaí aici do gach roinn agus do gach comhlacht gaolmhar (féach alt 36 le haghaidh an tsainmhínithe ar ‘chomhlacht gaolmhar’) i dTuaisceart Éireann, do gach roinn de chuid Whitehall a fheidhmíonn i dTuaisceart Éireann, agus do chomhairlí dúiche.” In ainneoin nach gá an Chairt féin a lua sa Bhille, is gá an dualgas reachtúil a lua atá ar an Roinn Oideachais agus ar chomhlachtaí neamhrannacha poiblí gaolmhara leis an Ghaelscolaíocht a spreagadh agus a éascú. Is léir go dtacaíonn an méid thuas leis an maíomh seo.

Go gcabhróidh an tÚdarás Oideachais le forbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de.

De réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, alt 30 go háirithe, na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh (Cuid III, Alt 8), Chomhaontú Bhéal Feirste, agus Chomhaontú Chill Rìmhinn, is cóir don Údarás Oideachais páirt a ghlacadh i bhforbairt leanaí agus daoine óga ó thaobh teanga de. Tugann an cleachtas reatha i mBoird Oideachais agus Leabharlann le tuiscint nach ann d’aon treoir shoiléir ina leith seo agus bíonn cleachtais difriúla i bhfeidhm ó bhord go bord. Iarrann CnaG go ndéanfar sainmhíniú ar chearta teanga an linbh agus an duine óig sa Bhille de réir na reachtaíochta idirnáisiúnta thuasluaite.

An dóigh le cuidigh linn: How you can help

Bheadh sé ina chuidiú ag Comhairle na Gaelscolaíochta dá dtiocfadh leat cuidigh linn i cibé bealach a mheasann tú bheith oiriúnach.

Dóigheanna le tacú linn:

• Scríobh chuig an Aire Oideachais;
• Scríobh chuig do BTR áitiúil;
• Scríobh chuig Coiste Oideachais an Tionóil
• Tacú lenár bhfeachtas Twitter

Go raibh maith agat.

www.comhairle.org