Méid an Téacs

Éiríonn le Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta freastail níos mó ná ariamh a mhealladh

Aibreán 22, 2013

Tionóladh Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2013 ar 15 Márta 2013 i gColáiste Feirste agus Gabháil na Gairmiúlachta mar théama aici. Bhí an fhreastail is airde ag an chomhdháil i mbliana ó bunaíodh Comhairle na Gaelscolaíochta le breis is 300 duine i láthair. Bhí meascán maith de mhúinteoirí, chúntóirí scoile, ghobharnóirí scoile agus chomhghleacaithe eile i saol an oideachais agus i saol na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas i láthair ag an chomhdháil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta an Dr. Micheál Ó Duibh “Tá gabháil na gairmiúlachta san earnáil a aithint ag an phobal mhór bliain i ndiaidh bliana. Ba mhaith linn, mar sin, go ndéanfar ag an chomhdháil tógáil air sin chun barr feabhais a bhaint amach agus chun an dea-chleachtas a roinnt ar leas gach dalta”.

Thagair sé fosta do na mórathruithe atá ag tarlú i saol an oideachais ó thuaidh.

“In ainneoin go ndeirtear é go mion minic ag comhdhálacha oideachasúla gur am tábhachtach i saol an oideachais é ní dóigh liom gur aon áibhéil é le rá go bhfuil muid beo i dtréimhse na mórathruithe nó tá ar earnáil na gaelscolaíochta ó thuaidh plé leis an Bhille Oideachais, le bunú an Údaráis Scileanna agus Oideachais, leis an athbhreithniú ar an scéim mhaoinithe scoileanna, le pleanáil cheantar i measc ábhair eile”.

Cuireadh béim ar fhorbairt na hiar-bhunscolaíochta lánGhaeilge nuair a dúradh;

“As na bunscoileanna uilig ó thuaidh tá breis is trian acu nach bhfuil teacht fhurasta ag a ndaltaí ar rogha na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Tuigeann muid go léir nach bhfuil ceist na hiar-bhunscolaíochta furasta mar cheist. Ina aithint seo tuigeann muid fosta gur ceart go mbeadh rogha na hiar-bhunscolaíochta ann do gach dalta gaelscoile bíodh sé gur roghnaítear í nó nach roghnaítear í.

Tá Comhairle na Gaelscolaíochta, mar fhoras a phléann le forbairt straitéiseach na hearnála, tiomanta do rogha na gaelscolaíochta ag an iar-bhunleibhéal a chur ar fáil do gach dalta gaelscoile. Aithníonn muid, áfach, gur páirtnéirí sinn agus nach féidir linn an sprioc a bhaint amach linn féin”.

Le linn óráid an phríomhfheidhmeannaigh thug an Dr. Ó Duibh aitheantas ar leith do mhúinteoirí gaelscoile.

“Mar mhúinteoirí gairmiúla luíonn cuid mhór freagrachtaí teanga oraibh. Is croí na teanga sibh. Is sibh a thugann beocht agus fuinneamh don teanga. Is mar thoradh ar bhur gcuid oibre a bhfuil pobal labhartha Gaeilge againn atá oilte le plé go cumasach le dúshláin an tsaoil. Is sibh a thugann ceird na gairmiúlachta don aos óg agus is todhchaí na teanga iad siúd”.

Anuas ar an bhéim a leag an Dr. Ó Duibh ar ghabháil na gairmiúlachta mar théama, ar mhórathruithe i saol an oideachais, ar cheist na hiar-bhunscolaíochta, agus ar an obair iontach atá ar siúl ag múinteoirí gaelscoile díríodh aird na comhdhála ar an Bhille Oideachais agus ar an tábhacht a bhaineann leis agus le hobair Chomhairle na Gaelscolaíochta i gcinntiú struchtúr ceart san Údarás Scileanna agus Oideachais atá earnáil íogair.
D’iarr an Dr Ó Duibh tacaíocht ó na scoileanna chun a chinntiú go mbeidh ann do na rudaí atá faoi láthair in easnamh sa Bhille mar atá:

  • Ballraíocht ag Earnáil na Gaelscolaíochta ar Bhord Stiúrtha an Údaráis Scileanna (ÚSO) agus Oideachais: Rud nach bhfuil luaite sa Bhille agus atá riachtanach nó gan seo ní bheidh glór na gaelscolaíochta le cloisteáil ag leibhéal straitéiseach.
  • Teanga aitheanta mar luach ag ÚSO: Sa Bhille faoi láthair aithnítear forbairt an dalta i dtéarmaí spioradálta, morálta, cultúrtha, sóisialta, intleachtúla agus fisiciúla. Cén fáth, mar sin, nach bhfuil forbairt teanga ina measc?
  • Stádas dlíthiúil agus sainmhíniú ar leith ag gaelscoileanna mar scoileanna ar leith iontu féin: Faoi láthair aithnítear gaelscoileanna mar scoileanna faoi chothabháil eile. Níl mar sin aon stádas dlíthiúil acu mar ghaelscoileanna. Molann CnaG gur cheart an stádas seo bheith acu agus sainmhíniú ar leith tugtha do gach cineál gaelscoile.
  • Foclaíocht a chinntíonn go bhfuil dualgas ag aon fhoras gaolmhar den Roinn Oideachais an ghaelscolaíocht a éascú agus a spreagadh.

Cuireadh ar shúile na comhdhála fosta go bhfuil clásal atá luaite sa Bhille i leith na gaelscolaíochta atá i mbaol bheith bainte amach sin clásal a chuireann ar an Údarás Oideachais agus Scileanna an ghaelscolaíocht a éascú agus a spreagadh. Tugadh le fios gur den riachtanas é go gcoinnítear an clásal seo sa Bhille.

D’iarr an Dr. Ó Duibh ar a raibh i láthair ag an chomhdháil a nglór a chur leis an díospóireacht.

www.comhairle.org