Méid an Téacs

Fearg agus Frustrachas i measc na Naíonraí

Deireadh Fómhair 8, 2013

Ag Comhdháil Bhliantúil na Naíonraí Gaelacha a bhí ar siúl i Luimneach an deireadh seachtaine seo caite, pléadh Fís Fhoras na Gaeilge d’Earnáil na Luathbhlianta.

Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Oideachais Fhoras na Gaeilge a bhí i láthair na comhdhála thar ceann an Fhorais. Ag deireadh Mheitheamh na bliana seo, chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fhóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ó 1999, gearradh é seo de bhreis agus €875,000 sa bhliain don earnáil réamhscolaíochta. Chuir Foras na Gaeilge in iúl ag an am nach bhfeictear don Fhoras “go bhfuil an Fóirdheontas criticiúil d’inmharthanacht naíonraí Gaeilge”.

Comhthéacs Reatha

Thagair Ó Coinn don chomhthéacs reatha ina bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú agus dúirt go bhfuil isteach agus amach le €1M gearrtha ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge gach bliain le blianta beaga anuas, agus go leanfar le ciorruithe ar an mbonn seo go dtí 2015 ar a laghad. Luaigh sé na feidhmeanna agus na dualgais reachtúla atá ar Fhoras na Gaeilge go háirithe mar a bhaineann le húsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh mar aon le tacaíocht a chur ar fáil don oideachas trí mheán na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge.

Réimse “Scartha”

Chuir Ó Coinn in iúl gur mheas sé go raibh mórán de ghnéithe den Ghaeilge á bhforbairt go neamhspleách ar a chéile, idir gaeltacht agus galltacht, thuaidh agus theas, idir na réimsí éagsúla: forbairt phobail scartha ó fhorbairt an oideachais – laistigh de réimse an oideachais féin go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas scartha: an réamhscolaíocht idir an tuaisceart, an deisceart agus an Ghaeltacht; réamhscolaíocht ó ghaelscolaíocht, scolaíocht trí mheán an Bhéarla ó scolaíocht trí mheán na Gaeilge. Léirigh Ó Coinn go dteastaíonn ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh na snáithe éagsúla den réimse ag comhoibriú agus ag comhphleanáil lena chéile, go mbeidís ag ullmhú a straitéisí i gcomhar lena chéile, agus go mbainfear buntáistí as sin, go háirithe más pleanáil teanga ag leibhéal an phobail an toradh a thagann as comhtháthú thar réimsí oibre.

An Straitéis 20 Bliain

Leagtar an-tábhacht sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an oideachas réamhscolaíochta áit a ndeirtear: “Is gnéithe tábhachtacha d’athneartú na Gaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna luathbhlianta is fusa teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeidh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit”.

Agus é ag plé na Straitéise 20 Bliain, dúirt Ó Coinn má tá oideachas réamhscoile le cur ar fáil i ngach áit go mbeidh gá díriú ar sholáthar nua a fhorbairt in áiteanna nua, in áit a bheith ag tacú leis an rud atá bunaithe cheana féin. Ag labhairt faoi inbhuanaitheacht na naíonraí aonair, mhínigh Ó Coinn go bhfuil súil ag Foras na Gaeilge gur féidir le tionscadail a mhaoinítear leanúint ar aghaidh tar éis a mhaoinithe nuair atá siad bunaithe mar is ceart, agus gur sa chomhthéacs seo atá siad ag breathnú ar na naíonraí aonair atá bunaithe go dtí seo.

Roghanna

Chuir Ó Coinn earnáil na réamhscolaíochta i gcomparáid le scéimeanna deontais eile a bhíonn á riaradh ag Foras na Gaeilge ar nós Scéim Pobal Gaeilge agus an maoiniú a chuirtear ar fáil do dhá stáisiún raidió pobail. D’ardaigh Ó Coinn an cheist, má tá an maoiniú ag dul i laghad agus má leantar ag tacú leis an soláthar reatha, cé as a thiocfaidh an fhorbairt? Dúradh go bhfuil trí rogha ag Foras na Gaeilge agus iad ag machnamh ar thodhchaí na réimsí seo:

a. Maoiniú a bhaint de thionscadal reatha agus ligean dóibh titim as a chéile
b. Gan maoiniú a chur ar fáil do sholáthar nua
c. Inbhuanaitheacht a chinntiú ionas gur féidir le tionscadal maireachtáil tar éis a bhaintear a mhaoiniú.

Agus é ag breathnú chun tosaigh, dúirt Ó Coinn gur gá teacht ar bhealach atá comhphleanáilte, agus comhtháite le bheith cinnte gur féidir teacht ar mhúnla maoinithe a bheidh inbhuanaithe. Dúirt sé go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí forbairt, agus fiú mura bhfuil sé daonlathach, inghlactha ag an earnáil, nó cóir gur gá féachaint i dtreo na gceantar atá faoi mhíbhuntáiste nó go bhfuil an daonra íseal iontu, agus tús áite a thabhairt dóibh sin agus do na ceantair is mó ina bhfaighfear toradh ar an infheistíocht.

Dúirt Ó Coinn gur aithin Foras na Gaeilge rí-thábhacht na réamhscolaíochta d’fhorbairt na Gaeilge ag cuid mhór leibhéal sa phobal, san oideachas agus le tuismitheoirí. Chuir sé in iúl gur mheas sé gur bhain cur chun cinn agus tacaíocht don réamhscolaíocht ní hamháin leis na 4 eagraíocht réamhscolaíochta (Altram, FNT, Na Naíonraí Gaelacha agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta), ach leis na heagraíochtaí eile bunmhaoinithe atá ag cur na Gaeilge chun cinn ag leibhéal an phobail.

Labhair Ó Coinn faoi institiúidí eile stáit agus dúirt go bhfuil sé tábhachtach go meallfadh gluaiseacht na Gaeilge na hinstitiúidí sin chun freagracht a ghlacadh ar fhorbairt reatha na Gaeilge, agus go gcuirfidís maoiniú ar fáil do thionscadail trí Ghaeilge laistigh dá réimsí cúraim féin.
Aisfhreagairt na Naíonraí

Nuair a bhí Ó Coinn críochnaithe lena chuid cainte, bhí deis ag an lucht féachana, arbh stiúrthóirí naíonra iad a bhformhór, tuairimí a nochtadh maidir le cinneadh an Fhorais i leith an fhóirdheontais agus i leith dhearcadh an Fhorais ar an earnáil réamhscolaíochta.

Chuir Stiúrthóir Naíonra ó Bhaile Brigín in iúl gur bhunaigh sí naíonra sa bhliain 2005, a thosaigh amach le seisear páiste ach atá anois ag freastal ar os cionn deich oiread sin, agus go mbeidh uirthi an naíonra sin a dhúnadh an bhliain seo chugainn, agus ligean leis an ochtar atá fostaithe aici. Léirigh sí, trí fhigiúirí a roinnt ar an slua, gur cinneadh gearr-radharcach a bhí glactha ag Foras na Gaeilge chun airgead a shábháil, mar sa fadtéarma go gcosnódh an cinneadh seo airgead ar an stát, trí laghdú sa cháin a ghintear ar lámh amháin, agus trí íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an lámh eile.

Labhair Stiúrthóir Naíonra as Leamhcán agus dúirt go gcuirfeadh an ciorrú is déanaí a bhí déanta ag Foras na Gaeilge ar na naíonra bac iomlán uirthi agus ar a foireann cur lena cuid oideachais chun caighdeán na seirbhísí a choimeád ag an leibhéal is airde.

Labhair na Stiúrthóirí Naíonra amach go láidir i gcoinne na gciorruithe agus cáineadh Foras na Gaeilge as an gcinneadh a fhógairt gan dul i gcomhairle leis na naíonraí. Fiafraíodh cén fáth a fuarthas réidh leis an bhfóirdheontas ina iomlána in áit méid an deontais a chiorrú de réir a chéile.

D’fhiafraigh bean amháin cén plean fadtéarmach a bhí ag Foras na Gaeilge do naíonraí amach anseo, agus d’impigh sí ar an bhForas athmhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe mar dár léi go bhfuil siad ag baint an bonn ón struchtúr reatha ar mhaithe le ‘forbairtí’ in áiteanna eile. Is iomaí Stiúrthóir a tharraing aird ar an infheistíocht fhadtréimhseach atá déanta acu féin sa struchtúr reatha, trí ionaid a cheannach nó a léasáil, agus trí ghréasáin leathan a bhunú, agus go bhfuil seo ar fad le tarraingt as a chéile, agus iad féin fágtha le fiacha móra mar gheall nach dtiteann siad isteach sna catagóirí atá faoi mhíbhuntáiste de réir mar atá á leagan amach ag Foras na Gaeilge.

Agus é ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna an tslua, dúirt Seán Ó Coinn gur thuig sé frustrachas na Stiúrthóirí agus nach dteastaíonn ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh “naíonraí á ndúnadh, nó go mbeidh deireadh á chur le seirbhísí réamhscolaíochta. Teastaíonn uainn ár bhfócas agus ár n-acmhainní a chur i dtreo tacaíochtaí a chur ar fáil don réamhscolaíocht in áiteanna nua, agus is gá dúinn mar sin idirdhealú a dhéanamh idir cheantair ar leith feiceáil cá bhfuil an riachtanas is mó, agus cár féidir an toradh is fearr a bhaint amach”.

Foilsithe ar Gaelport.com