Méid an Téacs

Féasta 100

Meán Fómhair 7, 2016

“Tír gan teanga, tír gan anam.”
― Pádraig Mac Piarais

Dé Sathairn an 3 Nollaig 2016 ceiliúrfar an Ghaeilge go hoifigiúil le Féasta 100, ceann de na príomhimeachtaí deireanacha i mbliain comórtha 1916. Ní féidir le haon duine cumhacht na Gaeilge a shéanadh i bpeannaireacht agus i gcumarsáid a lán de phearsaí Éirí Amach na Cásca.Tugann an ócáid ceiliúrtha seo deis uathúil do dhaoine aitheantas foirmiúil a thabhairt do stádas na Gaeilge agus lena tábhacht a cheiliúradh ag croílár stair agus chultúr na hÉireann.

Tá na sé cheanneagraíocht Ghaeilge tagtha le chéile i gcomhpháirt le Foras na Gaeilge leis an nGaeilge a cheiliúradh le linn na bliana stairiúla seo, 2016, iad iad sin Conradh na Gaeilge; Cumann na bhFiann; Gael Linn; Gaelscoileanna Teo; Glór na nGael agus Oireachtas na Gaeilge. Tá lúcháir orthu fáilte a chur roimh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, mar aoi oinigh. Is ócáid é an mórdhinnéar seo freisin le tacaíocht agus ardán náisiúnta a chur ar fáil don iomad ealaíontóirí, ceoltóirí agus gnólachtaí le Gaeilge, a coimisiúnaíodh mar chuid den ócáid comórtha céid aonuaire seo.

Tá triúr de na healaíontóirí a bheidh ag taibhiú ag Féasta 100 tar éis tionscadail ealaíne a fhorbairt d’fhéilire 1916. Cheap agus léirigh an cóiréagrafaí agus damhsóir, Fearghus Ó Conchúir ó Ghaeltacht na Rinne, Tionscadal Mhic Easmainn, coimisiúnaithe ag an gComhairle Ealaíon le seónna i Londain agus i mBaile Átha Cliath. Coimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an t-amhránaí sean-nóis Lorcán Mac Mathúna freisin le saothar ceoil a chumadh agus a chóiriú, le hinspioráid ó scríbhinní agus idéil cheannairí Éirí Amach na Cásca. 1916. Léiríodh Visionaries and their Words in Éirinn agus sa Fhrainc.D’eisigh an clairseoir Síle Denvir ó Ghaeltacht Chonamara albam ceoil le déanaí dar teideal Cathréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh saothar ceoil le hinspioráid ó dhrámaí Phádraig Mhic Phiarais.

Beidh Féasta 100 ina ócáid mhór dóibh siúd a bheidh i láthair. Deis uathúil atá ann am sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar an nGaeilge agus í a cheiliúradh go bródúil. Táthar ag súil go spreagfaidh sé cruthaitheacht, fuinneamh agus fás as an nua agus an Ghaeilge ag bogadh chun tosaigh sna céad bliain seo romhainn.

Beidh Féasta 100 ar siúl inár bpríomhchathair in Óstan an Double Tree by Hilton, Sráid Líosain Uachtarach, Baile Átha Cliath.Tá fáilte mhór curtha ag bainisteoirí agus foireann Óstán an Double Tree by Hilton roimh oiliúint Gaeilge le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil ar an oíche, lena n-áireofar biachláir agus comharthaí.      Seo an chéad uair don óstán fáilte a chur roimh 700 aoi a labhraíonn Gaeilge agus gan amhras beidh dea-thionchar aige seo ar ábharthacht na Gaeilge sa tionscal seirbhíse inniu.

Tá ticéid le haghaidh Féasta 100 ar fáil anois le ceannach ó cheann ar bith de na ceanneagraíochtaí nó trí Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/feasta-100-tickets-25641956783?aff=es2.  Tá ticéid €80 an duine.

 

Tuilleadh eolais:

eolas@feasta100.ie

Mary FitzGerald, Mary FitzGerald Public Relations, Teil: 01-6787916, info@maryfitzgeraldpr.ie