Méid an Téacs

Féile Raifteirí, 22-24 Márta, 2013 – Dáta don dialann

Eanáir 22, 2013

Is mór ag Coiste Fhéile Raifteirí a fhógairt go mbeidh ealaíontóirí den scoth a chur os comhair phobal Oirthear na Gaillimhe arís i mbliana le linn Féile Raifteirí. Beidh an triúr, Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly agus Tommy Peoples, linn do cheolchoirm mhór na féile i mbliana. Beidh seó puipéid ar siúl sa leabharlann, beidh filí agus amhránaithe ar cuairt agus beidh seisiúin ceoil ar siúl le linn na deireadh seachtaine sin. Agus beidh cuid de na haíonna seo ar fáil do scoileanna mar chuid de réamhimeachtaí na féile.

Déanfar Féile Raifteirí a sheoladh oíche na Féile Bríde, Déardaoin, 31 Eanáir, i mBaile Locha Riach.
Cuirfidh Gearóid Ó Tuathaigh “Raifteirí, an polaiteoir” ós ár gcomhair i léacht phoiblí Dé Máirt, 12 Márta, i mBaile Locha Riach.

  • Osclóidh Féile Raifteirí Dé hAoine, 22 Márta, le ceardlann amhránaíochta a leanfar le ciorcal amhránaíochta, filíochta agus scéalaíochta.
  • Stiúrfaidh Gearóid Mac Lochlainn ceardlann filíochta do dhaoine fásta, Dé Satharn, 23 Márta.
  • Is iad Breanndán Ó Beaglaíoch, Laoise Kelly agus Tommy Peoples príomh-aoicheoltóirí cheolchoirm mhór na féile, Dé Satharn, 23 Márta.
  • Tá Gerard Clunan, Creachmhaoil, le bheith ina Fhear an Tí maidin Dé Domhnaigh, 24 Márta, ag uaigh Raifteirí, i Reilig Chill Fhinín.

Coinnígí súil amach d’fhógraí na féile agus bígí linn do sheoladh na féile, oíche Déardaoin, 31 Eanáir, 2013

Tuilleadh Eolais
Teileafón: 091-870718
Suíomh Idirlín: www.lochariach.com
Ríomhphost: oifig@lochariach.com