Méid an Téacs

Forbairtí i réimse na Gaelscolaíochta le plé ag Comhdháil Oideachais 2012

Deireadh Fómhair 25, 2012

Tiocfaidh muintir na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le chéile ar Dé hAoine, 23 Samhain 2012 don Chomhdháil Oideachais a bheas ar siúl in Óstán an Ardiluan, Gaillimh.

Tá Comhdháil na bliana seo á reáchtáil mar chomhchomhdháil don chéad uair riamh ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teoranta. Ag seoladh clár na Comhdhála dúirt Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán Gaelscoileanna Teo., “Táimid ar bís an deis a thabhairt do na rannpháirtithe ón réimse scolaíochta lán-Ghaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht teacht le chéile ag an gComhdháil agus deis iontach a bheith acu foghlaim óna chéile”.

Tá clár spéisiúil leagtha amach ag an dá eagraíocht don Chomhdháil a thitfidh amach an mhí seo chugainn agus is cinnte go gclúdófar réimse leathan ábhar le linn an lae. Bunaíodh an clár ar chur chun cinn na litearthachta agus na huimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta agus táthar ag súil go gcothóidh an t-ábhar neart plé spéisiúil le linn na Comhdhála.

Dar le Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo., “Tá clár na bliana seo thar a bheith spéisiúil agus spreagúil agus beidh go leor ábhair idir lámha ar an lá a dhéileálfaidh le mórcheisteanna an oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta”.

Cuirfidh an Dr Muiris Ó Laoire tús leis an bplé nuair a thabharfaidh sé aghaidh ar pheirspictíocht na pleanála teanga i gcur i bhfeidhm na straitéise litearthachta agus uimhearthachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Leanfar leis an bplé ar chúrsaí litearthachta agus uimhearthachta ar feadh an lae agus tabharfar aghaidh ar neart téamaí ábharthachta eile.

Pléifear córas nua an Teastais Shóisearaigh a thiocfaidh i bhfeidhm in 2014, an tumoideachas, cur chun cinn Aistear: creatchuraclam na Luath-Óige, sna naíonáin agus cur chun cinn na féinmheastóireachta sna scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Reáchtálfar an Chomhdháil Oideachais ar an 23 Samhain in Óstán an Ardiluan, Gaillimh agus is féidir gach eolas a fháil ó Gaelscoileanna: 01-8535191 agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta: 026-65885.

Foilsithe ar Gaelport.com