Méid an Téacs

Freastalaíonn Gaelcholáiste an Phiarsaigh ar Sheoladh Gmail as Gaeilge

Nollaig 15, 2014

Ba chúis mhór ríméid do scoláirí agus go deimhin d’fhoireann Ghaelcholáiste an Phiarsaigh cuireadh a fháil le freastal ar ócáid i gCeanncheathrú Google Déardaoin, an 11 Nollaig, nuair a seoladh Gaelmail nó gmail as Gaeilge go hoifigiúil.

Thug daltaí na scoile aghaidh ar Shráid na Bearú agus nuair a bhain siad foirgneamh Google amach cuireadh fearadh na fáilte rompu. Bhí ainm na scoile ag lonrú ar chéimeanna an staighre!

Casadh go leor daoine difriúla orthu ó dhomhan na Gaeilge agus ó dhomhan na meán cumarsáide. Nuair a chuaigh siad isteach sa léachtlann ollmhór ba léir go raibh Muintir Google iad féin chomh sceitimíneach faoin ócáid agus a bhí siad!

Labhair daoine difriúla ó Google agus iad ar fad ar a ndícheall le húsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge, fear Ioruach ina measc! Labhair siad ar fad faoin logánú a dtugann Google faoi. Leag siad béim ar an tábhacht a bhain le comhlacht ar nós Google ag freastal ar theangacha agus ar chultúir éagsúla ar fud an domhain.

Ba é buaicphointe an lae ná nuair a cuireadh fáilte roimh Hector Ó hEochagáin chun an seoladh oifigiúil a dhéanamh. Ba mhór an spórt é ag labhairt agus go háirithe nuair a chuir sé Tráth na gCeist ar siúl.

Baineadh stangadh ceart as lucht an Ghaelcholáiste nuair a d’fhógair Hector gur bhuaigh duine de na daltaí, Orlaith Ní Cheallaigh, comórtas na bhfocal a raibh curtha isteach acu ar fad air tamall ó shin. Bhronn Hector Chrome Cast agus duaiseanna eile ar Orlaith.

D’éirigh leo turas timpeall an fhoirgnimh a eagrú agus bhain siad an-sult as. Gheall Hector dóibh go dtabharfadh sé cuairt ar an scoil sa bhliain nua, foirgneamh atá beagán difriúil le hais Google ach chomh hiontach céanna!