Méid an Téacs

Gaelscoil nua do Chill Dara, Meán Fómhair 2013 agus Suirbhé na Roinne – Preasráiteas An Foras Pátrúnachta

Eanáir 14, 2013

Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu go bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nua le hoscailt i mBaile Chill Dara i Meán Fómhar na bliana seo. San fhógra céanna chuir an tAire in iúl go bhfuil tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar thuismitheoirí mar gheall ar dhífheistiú scoileanna ón eaglais Chaitliceach.

Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “ Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara. Tá éileamh ollmhór do scoil lán-Ghaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lán-Ghaeilge eile sa cheantar.” Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá An Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfa a thabhairt ar a n-iarratas ar son mhuintir Chill Dara.”

Ó thaobh Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha tá tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar 38 ceantar ar fud na tíre. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 08 Feabhra 2013. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne ag www.education.ie nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie.

Deir ó hEaghra ‘deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Lean Ó hEaghra ar aghaidh ‘Creidimid go bhfuil ceart ag gach dalta oideachas trí Ghaeilge a fháil má tá sé uathu. Seo deis do thuismitheoirí an ceart sin a lorg.”

Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar suíomh An Foras Pátrúnachta (www.foras.ie) agus beimid ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Caoimhín Ó hEaghra:: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Siobhán Seoighe :: 01-6294110 :: eolas@foras.ie

Faoi An Foras Pátrúnachta
Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 61 bhunscoil agus 3 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.

Tuilleadh eolais: www.foras.ie