Méid an Téacs

Gaelscoil Uí Ríordáin

Bealtaine 18, 2011

Bunaíodh Gaelscoil Uí Ríordáin sa bhliain 1983 ar shuíomh sealadach agus is ann dúinn i gcónaí! Thosaigh an scoil amach le 20 daltaí sna ranganna naíonáin ach tháinig borradh tapaigh i líon na ndaltaí. Tar éis tamaill, chuir úinéir an suímh seomraí breise leis an bhfoirgneamh féin chomh maith le roinnt seomraí réamhdhéanta. Tá spás anois ann do sheacht gcinn déag de sheomraí ranga agus do halla beag.

Tar éis fheitheamh na mblianta, tá dea-scéal faighte againn maidir le scoil nua. Cheannaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna trí acra i Nollaig 2010 agus é mar sprioc go mbeadh an scoil nua ullamh faoi Mheán Fómhair 2012.
Is foirgneamh trí urlár atá beartaithe, le 24 seomra le gach saoráid agus áis acu agus spás do thart ar seacht gcéad páistí!

Faoi láthair, téann 95% de na scoláirí ar aghaidh go Gaelcholáiste Choilm dá gcuid iar-bhunoideachais. Is é an chéad dhúshlán eile ná go bhfaigheadh an uile pháiste sa cheantar máguaird oideachas dara leibhéil trí mheán na Gaeilge, más é sin a rogha.

Is mó gaisce atá déanta ag iar-scoláirí na Gaelscoile. Tá imreoir Chorcaí, Pádraig Ó Ceallaigh, ar dhuine dá laochra. Bhuaigh sé Craobh Pheile na hÉireann anuraidh agus ba léir ó thús go raibh an-suim ag an gCeallach sa pheil, fiú agus é ina gharsún óg ar scoil anseo i nGaelscoil Uí Ríordáin. Maíonn cuid den bhfoireann anseo go bhfuair sé an oiliúint agus an cumas caide ó mhúinteoirí Chiarraí!

Tagann buíon múinteoirí na scoile ó cheithre hairde na tíre: Gaillimh, An Clár, Ciarraí, Luimneach, Port Láirge agus gan dabht, ó Chorcaigh féin. Grúpa ildánach, díograiseach gan aon agó!