Méid an Téacs

Gaelscoileanna Teo. ag ceiliúradh 40 bliain

Samhain 18, 2013

‘Ó fhianaise go barr feabhais’ le plé ag Comhdháil Bhliantúil Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. agus Gaelscoileanna Teo. ar 22 agus 23 Samhain 2013.

Reáchtálfar Comhdháil Bhliantúil Gaelscoileanna Teo. in Óstán Johnstown House, An Bóthar Buí, Co. na Mí ar an Aoine agus an Satharn, 22 agus 23 Samhain 2013.
Is comhdháil bhliantúil í seo a dhíríonn ar gach duine atá bainteach leis an scolaíocht lán-Ghaeilge, múinteoirí agus príomhoidí na scoileanna ag an mbunleibhéal agus iar-bhunleibhéal go háirithe.
Reáchtáiltear léachtaí, grúpaí sainspéise agus ceardlanna le linn an deireadh seachtaine agus bíonn an-tóir ar na imeachtaí na comhdhála gach bliain.
Cúis mhór cheiliúrtha is ea comhdháil na bliana seo mar gheall go mbeidh Gaelscoileanna Teo. ag comóradh 40 Bliain agus cuirfear fáilte roimh aoi an-speisialta go deo, Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, ar Dé hAoine le tús a chur leis an deireadh seachtaine ceiliúrtha. Dúirt Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., gur “ábhar áthais ar leith é gur ghlac Uachtarán na hÉireann go flaithiúil agus go fonnmhar lenár gcuireadh a bheith linn don cheiliúradh dhá scór bliain den eagraíocht. Fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo ar thábhacht na hearnála agus luach na scoileanna lán-Ghaeilge dár tsochaí, agus a ról i bhfeidhmiú na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge”.
Díreoidh lucht na comhdhála ar fheidhmiú na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus Don Saol 2011 – 2020 agus cur chuige sár-éifeachtach na scoileanna lán-Ghaeilge ag cothú scileanna Litearthachta agus Uimhearthachta sna daltaí trí chur chuige an tumoideachais.
Le linn an deireadh seachtaine reáchtálfar ceardlanna, grúpaí sainspéise agus seisiúin le hionadaithe ón Roinn Oideachais & Scileanna ag a bpléifear mórcheisteanna an lae idir an phleanáil teanga, an tumoideachas, trialacha caighdeánaithe matamaitice, cumas margaíochta scoileanna, tionchar chóras na bpainéal agus oideachas dátheangach sna naíonáin.
Mhínigh Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo mana an bliana seo, ‘Ó fhianaise go barr feabhais’, i gcomhthéacs ceiliúrtha dhá scór Gaelscoileanna Teo., “tugann Comhdháil Oideachais 2013 deis don eagraíocht agus do na scoileanna lán-Ghaeilge ceiliúradh a dhéanamh ar an bhfás agus ar an bhforbairt suntasach agus leanúnach atá ar na scoileanna lán-Ghaeilge. Nuair a bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1973 bhí 12 bhunscoil agus 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann, agus anois le 144 agus 36 faoi seach; cruthaítear go bhfuil éileamh ollmhór orthu agus an-rath ag baint leo mar institiúid oideachais a éascaíonn agus a sholáthraíonn oideachas den scoth agus a chumasaíonn leibhéil ard cumais sa Ghaeilge”, a dúirt sí.
Is féidir gach eolas maidir leis an gcomhdháil agus sonraí clárúcháin a fháil ag www.gaelscoileanna.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com