Méid an Téacs

Gaeltachtaí Mhaigh Eo: Bás nó Fás?

Samhain 28, 2013

Comhdháil in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe, Páirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, Dé Sathairn, 30 Samhain 2013, 10.30 – 16.30
Mar chuid de Bhliain na Gaeilge, tá Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe mar aon le Comhairle Contae Mhaigh Eo ag eagrú comhdhála ar staid leochaileach na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo. Cíorfar ról na pleanála teanga ag an gcomhdháil agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le hábhar.
Tá Maigh Eo ar cheann de na háiteanna in Éirinn is mó a buaileadh ag an eisimirce le 200 bliain anuas. Dá bharr seo agus de bharr cúiseanna eile, tháinig laghdú ollmhór ar labhairt na Gaeilge – teanga an mhóraimh i Maigh Eo roimh an nGorta Mór sna 1840í. Dá ainneoin, leanadh ar labhairt na Gaeilge i roinnt pobal i Maigh Eo isteach sa 20ú haois agus isteach inár linn féin.
Tá an Ghaeilge sna pobail seo atá fágtha faoi bhrú athnuaite arís, áfach, mar gheall ar staid na heacnamaíochta agus ath-thosú na heisimirce, agus de bharr na mbrúnna go léir a imríonn an Béarla ar theangacha mionlaigh. Tá ceist ann an mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail in aon phobal i Maigh Eo.
Mar sin féin, tá iarrachtaí á ndéanamh ar phleanáil teanga sna pobail seo agus beidh an phleanáil seo á plé ag an gcomhdháil – Gaeltachtaí Mhaigh Eo: Bás nó Fás?
Tabharfaidh ionadaithe ó na ceantair éagsúla léargas ar na príomhphobail labhartha na Gaeilge i Maigh Eo chomh maith.
Beidh an cur i láthair ag an gcomhdháil trí Ghaeilge. Tá clár na Comhdhála le fáil anseo: Gaeltachtaí Mhaigh Eo: Bás nó Fás? (Clár na Comhdhála)
Beidh saorchead isteach ach is gá áit a chur in áirithe. Chun áit a chur in áirithe, déan teagmháil le cdoyle@museum.ie; Teil: 094–903 1752.

Foilsithe ar Gaelport.com