Méid an Téacs

Impleachtaí an mhúnla nua mhaoinithe pléite i dTionól TÉ

Feabhra 17, 2014

Imní na n-eagraíochtaí bhunmhaoinithe sna sé chontae fiosraithe ag an gCoiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (Coiste CAL)

D’fhógair Foras na Gaeilge i mí Eanáir gurb iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na sé cheanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú in Earnáil Dheonach na Gaeilge mar chuid den mhúnla nua maoinithe. Tiocfaidh deireadh le maoiniú na n-eagraíochtaí nár éirigh leo sa phróisis, ina n-áirítear Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Altram, ag deireadh mhí Mheithimh 2014.

I láthair an chruinnithe i Stormont ar an Déardaoin, 13 Feabhra, bhí Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha an Fhorais. Ní raibh ar chumas an Phríomhfheidhmeannaigh, Ferdie Mac an Fhailigh, a bheith i láthair. Freisin bhí ionadaithe ó Iontaobhas Ultach agus Altram. I láthair agus léadh amach ráiteas thar cheann Pobal nach raibh i láthair de bharr chomhdháil a bhí ar siúl ag an eagraíocht ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Faoin múnla nua, feidhmeoidh na sé cheanneagraíochtaí ar bhonn uile-oileáin. Is i bPoblacht na hÉireann atá a gceanncheathrú ag gach ceann acu agus tá imní léirithe faoi seo ó fógraíodh toradh an phróisis toisc an easpa tacaíochta a bheidh ar fáil do na struchtúr reatha teanga ó thuaidh.

Imní

Agus é ag caint le linn an chruinnithe, dúirt Stiúrthóir Iontaobhas Ultach, Aodán Mac Póilín, go bhfuil an baol ann faoin gcóras nua go ndéanfaí imeallú ar dhlínse amháin laistigh de cheanneagraíochtaí. Mhaígh sé nach ionann an suíomh sa dá dhlínse agus cé go mbeidh ar chumas na gceanneagraíochtaí go leor a bhaint amach go huile-oileánda, níl an saineolas nó an taithí ann déileáil le cúrsaí reachtaíocht teanga nó obair thrasphobail. Nuair a iarradh air an raibh an eagraíocht cheart roghnaithe sa chatagóir ina raibh Iontaobhas Ultach, dúirt Mac Póilín nach bhfuil eagraíocht ar bith, Iontaobhas Ultach san áireamh, a bhféadfadh feidhmiú go héifeachtúil ar bhonn uile-oileáin óir nach bhfuil an taithí chuí ag dream ar bith bheith ag plé le cúrsaí sa dá dhlínse. Dúirt sé go raibh an múnla mícheart in úsáid ag an bhForas agus cháin sé an próiseas iarratais a bhain leis.

Ag cur síos ar imní an earnáil réamhscolaíochta ó thuaidh dúirt Cathaoirleach Altram, Áine Andrews, nach féidir caitheamh le cúrsaí oideachais ar bhonn uile-oileáin. Dúradh nach tosaíocht don earnáil oideachais i gcoitinne í an réamhscolaíocht agus go mbainfí uaithi in eagraíocht ag a bhfuil sainchúram iontach leathan aici, amhail Gaelscoileanna Teoranta a bheas ag plé anois le cúrsaí Gaelscoile, iarbhunscoile, scoileanna Gaeltachta agus réamhscolaíochta. Dar le hAndrews, ní fhéadfadh le heagraíocht lonnaithe i mBaile Átha Cliath dul i ngleic leis an gcóras casta ó thuaidh agus ní chreidtear go mbeidh na foirne a lonnófar ó thuaidh faoin gcóras nua leordhóthanach le plé leis ach an oiread.

Beidh ar gach ceanneagraíocht foireann a earcú agus oifig a lonnú ar an dá thaobh den teorainn agus dar le Foras na Gaeilge beidh suas go 25% d’fhoirne na n-eagraíochtaí lonnaithe sna sé chontae. Tugadh le fios le linn an chruinnithe go bhfuil an-bhéim leagtha ag Foras na Gaeilge ar luach an tsaineolais atá san earnáil agus tá molta do cheanneagraíochtaí go gcoinneofaí san earnáil é chomh fada agus is féidir. Faraor, is cosúil go mbeidh go leor poist á gcailliúint faoin múnla nua agus tá deimhnithe nach mbeidh Foras na Gaeilge ag íoc iomarcaíochta ar bith d’eagraíochtaí. Chuir Aodán Mac Póilín in iúl nach mbeidh rogha ag eagraíochtaí áirithe nach bhfuil foinse maoinithe eile acu ach stádas féimheachta a éileamh, rud a chiallaíonn nach mbeidh ann do na heagraíochtaí sin ar bhonn deonach fiú.

Tugadh le fios le linn an chruinnithe go ndearna roinnt eagraíochtaí iarracht cur chuige cónaidhmigh a ghlacadh le linn an phróisis iarratais. D’aontaigh Iontaobhas Ultach, Pobal agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge iarratas a dhéanamh mar chónaidhmeach, agus bhí Altram agus Forbairt Naíonraí Teoranta ag súil le teacht le chéile don phróiseas, mar aon le Gaelscoileanna Teoranta sa deireadh, ach dhiúltaigh an Foras glacadh len a leithéid de shocrú agus cuireadh bac ar cheanneagraíochtaí aon mhaoiniú a thabhairt d’eagraíiochtaí eile. Bhí an Foras sásta glacadh le cumaisc eagraíochtaí ach cuireadh in iúl nár chreid eagraíochtaí áirithe go bhféadfadh le grúpaí éagsúla feidhmiú mar eagraíocht amháin de bharr réimse leathan na sainchúram.

An bealach chun tosaigh

Ag tagairt don chlaontacht a luadh don deisceart le linn an chruinnithe, dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, gur eagraíocht uile-oileán é Foras na Gaeilge a bhfuil an-infheistíocht déanta aige i gcúrsaí Gaeilge ó thuaidh óna bhunú i 1999. Dúradh go maoinítear 19 eagraíocht trí Scéim na Gaeilge, 11 acu ó thuaidh, mar aon le campaí samhraidh, Cultúrlann McAdaim Ó Fiaich, Cultúrlann Uí Chanáin agus eile. Maíodh go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le hearnáil na Gaeilge sna sé chontae ná na heagraíochtaí bunmhaoinithe amháin.

Dúradh go mbeidh Raidió Fáilte agus an tÁisaonad fós á maoiniú faoin gcóras nua agus go mbeidh Comhaltas Uladh ag feidhmiú mar chuid de Chonradh na Gaeilge amach anseo. Leanfaidh Gael Linn ar aghaidh leis an obair luachmhar a dhéantar ón oifig in Ard Mhacha agus beidh Glór na nGael ag forbairt agus ag leathnú a gcuid gníomhaíochtaí sna sé chontae. Den chéad uair riamh beidh Cumann na bhFiann ag díriú ar fhorbairt teanga ó thuaidh agus beidh Oireachtas na Gaeilge ag obair i gcomhar le pobail na Gaeilge ar fud na tíre.

Moladh an méid a bhain na heagraíochtaí bunmhaoinithe amach go dtí seo agus dúradh go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an obair thar na blianta agus an saineolas a théann leis. Cuireadh in iúl go bhfuil Foras na Gaeilge ag díriú anois ar obair ag leibhéal an phobail agus go bhfeictear dó gurb é córas na gceanneagraíochtaí an bealach is éifeachtaí chun cinn. Beidh de dhualgas ar na ceanneagraíochtaí dul i ngleic leis an dá dhlínse ar chomhchéim lena chéile agus feictear don Fhoras go bhfuil ar chumas na gceanneagraíochtaí é seo a bhaint amach.

Foilsithe ar Gaelport.com