Méid an Téacs

Juvenes Translatores

Meán Fómhair 18, 2014

Má tá muintir na hEorpa le bheith “aontaithe san éagsúlacht “, de réir mhana an Aontais Eorpaigh, ní mór dúinn tuiscint a bheith againn ar theangacha eile seachas ár dteanga féin.

Tá ár gcomórtas aistriúcháin Juvenes Translatores, atá ar siúl ó 2007 ar aghaidh, ann le cabhrú leis an uile dhuine agaibh a bhfuil dúil agaibh teangacha iasachta a fhoghlaim.

San fhadtéarma, tugtar daoine le chéile trí fhoghlaim teangacha agus cuireann sí lenár dtuiscint ar chultúir eile. Agus beidh sé níos éasca daoibhse – daoine fásta an lae amárach – staidéar nó obair a dhéanamh ar fud na hEorpa.

Léirítear i staidéir éagsúla go bhfuil síorfhás ar an éileamh ar aistriúchán agus ar aistritheoirí san Eoraip. Ba chóir go mbeadh mic léinn réidh chuige sin! Ardaíonn Juvenes Translatores feasacht i dtaobh a thábhachtaí is atá scileanna aistriúcháin agus an chaoi ar cheart ról an aistriúcháin a athmheas mar “idirghábháil” idir teangacha maidir le foghlaim teangacha.

… le cuidiú le múinteoirí agus le daltaí

Tá an-éileamh ar an gcomórtas anois: as na scoileanna a ghlac páirt sa chomórtas roimhe seo, ba mhaith le 99% acu bheith páirteach arís ann.

… gníomhaíochtaí coiteanna a chur chun cinn le scoileanna thar lear

Lena chois sin, spreagann Juvenes Translatores eachtraí eile teanga, óir thosaigh roinnt scoileanna a bhí páirteach ann malartuithe oideachais trí Juvenes Translatores.

Beidh cuidiú ar fáil ar ár leathanach Facebook le dul i mbun cainte leis na daoine eile atá páirteach agus le tuairimí agus ábhar a roinnt. Tugann ár mblag deis do mhuinteoirí freisin dea-chleachtais a roinnt agus foghlaim óna chéile.

Príomhshonraí chomórtas na bliana seo:

  • Dáta deiridh le haghaidh chlárúcháin – 20 Deireadh Fómhair 2014, 12.00 meán lae (am na Bruiséile).
  • An 27 Samhain a bheidh an comórtas ar siúl i mbliana.
  • Is féidir le daltaí a rugadh i 1997 páirt a ghlacadh sa chomórtas.
  • Bronnfar na duaiseanna ar bhuaiteoirí Juvenes Translatores ag searmanas sa Bhruiséil san Earrach, 2015.

Anuraidh, d’éirigh go rímhaith le daltaí na hÉireann sa chomórtas seo nuair a bhain Aileen Ní Ghloinn ó Choláiste Íde, an Daingean, Co. Chiarraí an comórtas aistriúcháin in Éirinn agus gur thug fear óg de bhunadh na hÉireann, Eireamhain Semple, an duais leis san Ísiltír! Mar sin de is mian linn leanúint den dul chun cinn seo in 2014.

Ba mhór againn mar sin, go gcuirfeadh an oiread meánscoil agus is féidir isteach ar an gcomórtas seo thar ceann a gcuid daltaí.

Is é Juvenes Translatores an comórtas bliantúil a eagraímid do dhaltaí scoile a bhfuil aois 17 mbliana acu.

Reáchtálfar comórtas 2014 ar an 27 Samhain. Daltaí a rugadh i 1997 a bheidh in ann páirt a ghlacadh ann.

Ní mór do scoileanna clárú roimh ré — idir an1 Meán Fómhair agus an 20 Deireadh Fómhair — má theastaíonn uathu páirt a ghlacadh sa chomórtas (féach na rialacha chun tuilleadh sonraí a fháil).

‘Féiniúlacht Eorpach’ téama na bliana seo.

Cad chuige an comórtas: http://ec.europa.eu/translatores/why/index_ga.htm

Conas ullmhú: http://ec.europa.eu/translatores/how/index_ga.htm

Rialacha: http://ec.europa.eu/translatores/rules/index_ga.htm

Cláraigh: http://ec.europa.eu/translation/contest/registration/registration_form.cfm?comlang=ga

Bileog eolais 2014