Lá Luthcleasaíochta Idirscoile
Meitheamh 6, 2014
Tháinig 6 scoil le chéile do Lá Luthcleasaíochta Idirscoile san Ionad Lúthcleasaíochta “Le Chéile” i Léim an Bhradáin ar an 23ú Bealtaine.
‘Siad an scoileanna ghlac páirt ná:
- Gaelscoil Uí Fhiaich, Maigh Nuad
- Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Bóinne
- Scoil Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin
- Scoil Uí Riada, Cill Choca
- Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán
- Scoil Choca Naofa, Cill Choca
Fiú nach Gaelscoileanna iad ar fad reachtáladh imeachtaí an lae ar fad trí Ghaeilge. Ghlac nís mó na 300 páiste páirt ann.
Táimid thar a bheith buíoch do Chlub Luthcleasaíochta “Le Chéile” a thug an láthair dúinn saor in aisce agus do na tuistí agus na múinteoirí ar fad a chabhraigh leis an eagrúcháin ar an lá. Tá buíochas faoi leith ag dul chuig Déaglán Ó Drisceoil a d’eagraigh gach rud!
Bhain slua mór páistí taitneamh agus tairbhe as an lá, táimid ag súil le ceann eile a eagrú go luath.
Máirín Ní Chéileachair, Gaelscoil Uí Fhiach