Méid an Téacs

Lá Mór na Gaeilge – Tús Feachtais

Feabhra 18, 2014

Ghlac suas go 10,000 duine páirt sa léirsiú a reáchtáladh i mBaile Átha ag an deireadh seachtaine

Shiúil pobail ó cheann ceann na tíre, thuaidh agus theas, ón nGairdín Chuimhneacháin go Dáil Éireann i mBaile Átha Cliath ar an Satharn lena gcuid míshástacht leis an gcaoi a bhfuil an Rialtas ag caitheamh leis an nGaeilge a léiriú mar chuid de Lá Mór na Gaeilge.

Thug busanna ó fud fad na tíre aghaidh ar an bpríomhchathair áit ar bhailigh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar gach aois ghrúpa mar aon le daoine ón mórphobal chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh.

Shiúil an slua go beomhar tríd an chathair agus bratacha agus éadaí dearga á gcaitheamh ag an bhformhór acu i dtaca leis an téama Dearg le Fearg. Ceann scríbe an léirsithe, arna eagrú ag Conradh na Gaeilge, ab ea Sráid Molesworth áit a reáchtáladh slógadh mór le ceol, caint agus ceiliúradh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, “Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dhlí shásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid”.

“Bhí sé mar sprioc ag Lá Mór na Gaeilge brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an teanga don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil grá ag móramh ar oileán na hÉireann don Ghaeilge, ach níl sa mhórshiúl ach tús an fheachtais chun cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin”, a dúirt sé.

Ag eascairt as cruinnithe poiblí a reáchtáladh timpeall na tíre le cúpla mí anuas, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag lucht Lá Mór na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ón dá Rialtas ná:

Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;

Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;

Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;

Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;

Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus

An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh

Tús feachtais

Tús feachtais a tugadh ar an léirsiú ag an deireadh seachtaine agus táthar ag súil le mórfheachtas a chur ar bun le cothrom na Féinne a bhaint amach do mhuintir na Gaeilge agus na Gaeltachta.

An chéad chéim eile don fheachtas anois ná siúlóid i gConamara ar Dé Domhnaigh, 23 Feabhra – dáta éirí as Sheáin Uí Chuirreáin mar Choimisinéir Teanga. Cuirfear tús leis an léirsiú ‘Slán le Seán’ ag 2.00pm ag Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal. Tabharfar litir buíochais don Choimisinéir sula tabharfar faoin siúlóid go Ceanncheathrú na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sna Forbacha áit a bhfágfar litir d’Aire Stáit Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., le míshástacht phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur in iúl dó.

Cuirfear pleananna in áit maidir le bealach chun cinn an fheachtais ag seimineár gnímh a bheas ar siúl ar Dé hAoine, 28 Feabhra 2014, ag 8.00pm mar chuid de chlár Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCill Airne, Co. Chiarraí.

Tógfar ar rath an léirsithe i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine le mór-léirsiú eile a bheas ar siúl i mBéal Feirste ar Dé Sathairn, 12 Aibreán 2014, áit a dtarraingeofar aird ar leith ar chás na Gaeilge ó thuaidh agus na dúshláin a chuirtear roimh phobal na Gaeilge sna sé chontae.

Coiste Comhairliúcháin

Tá fógartha ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, go bhfuil coiste comhairliúcháin le cur ar bun maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt an tAire Stáit agus é ag caint ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta Dé Luain, 18 Feabhra, go mbeidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag cur coiste ar bun i dtaca leis an heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta bunaithe ar mholtaí cuireadh chun cinn ag cruinniú leis na heagraíochtaí i rith an tsamhraidh.

Le linn an agallaimh ar Adhmhaidin, dúirt an tAire Stáit go bhfuil geallta ag an Rialtas éilimh an fheachtais a scrúdú agus go bhfuil curtha in iúl ag an Tánaiste, Éamon Gilmore, go bhfuil sé sásta bualadh le lucht an fheachtais ach cuireadh a fháil, rud a bhfuil déanta cheana féin dar leis an bhfeachtas.

Foilsithe ar Gaelport.com