Méid an Téacs

Laghdú ionadaíochta na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar bhord COGG

Feabhra 2, 2015

Tá laghdú ionadaíochta i ndán do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht leis na hathruithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna don Chomhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíocht (“COGG”). Tá an Roinn i mbun cur chuige nua a cheapadh, a athróidh comhdhéanamh bhord COGG ó bhonn ó mhí an Mhárta 2015. Laghdófar bord COGG ó 23 go 13 ball, agus ní bheidh ach 2 ionadaí ar Gaelscoileanna Teo. agus 2 ionadaithe ar na scoileanna Gaeltachta ar an mbord feasta (tuismitheoir agus duine eile). Ní gá go mbeadh aon mhúinteoir mar ionadaí ar na scoileanna. Daréag ionadaí ar na scoileanna a bhí ann go dtí seo.

In áit aitheantas ar na riachtanais bhreise atá ag scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, tá cumhacht, ionchur agus stádas á bhaint dóibh ag staid fíor-chriticiúil ach go háirithe i gcomhthéacs todhchaí na scoileanna Gaeltachta. Leis seo, beidh deireadh leis an gcóras daonlathach chun múinteoirí agus tuismitheoirí a thoghadh ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal, agus deis cailte ag saineolaithe an oideachais lán-Ghaeilge atá ag treabhadh an ghoirt.

Tá Cathaoirleach nua ar COGG le ceapadh go luath, agus fógrófar an folúntas ar an seirbhís PAS go luath. Ról dúshlánach a bheadh ann ach a éascódh an-chuid deiseanna forbartha don earnáil.

Iarrtar ort tacaíocht a léiriú do na scoileanna lán-Ghaeilge, idir Ghaeltacht agus lasmuigh di ar cheist na hionadaíochta fíor-thábhachtach seo trí ríomhphost a chur chuig an tAire Oideachais, Jan O’Sullivan, T.D. ag jan.osullivan@oireachtas.ie go práinneach, agus roimh fhógairt an chinnidh.