Méid an Téacs

Leabhar gleoite do phaistí le buachan

Deireadh Fómhair 16, 2012

An tseachtain seo, beidh deis iontach ag duine dhá leabhar ghleoite do ghasúir atá foilsithe ag Comharchumann Forbartha an Leith-Triúigh a bhuachan.

Rugadh agus tógadh an t-údar Máiréad Mag Uidhir i Luimneach. Chaith sí a saol ag múineadh ina cathair dhúchais, ag teagasc leanaí le Riachtanais Speisialta i Scoil Naomh Iosaf i Lios na Groí ar dtús agus ina dhiaidh sin ar feadh tríocha bliain i Scoil Íde, Corrbhaile. Is leabhar beag álainn do pháistí é ‘Sicín’. Tá scéal iontach ann faoi ghearrchaigh bheaga atá ar tí an nead a thréigean. Tá trí cinn de ghearrchaigh ann ar fad: Mattie, Jenny agus Tiny. Tarlaíonn na heachtraí sa scéal ar an Lá Speisialta a bhfuil na héin bheaga chun dul ag eitilt agus an nead a fhágáil den chéad uair ina saol. Is é Tiny laoch an scéil. Ceapann gach aon duine nach bhfuil sé cróga go leor chun dul ag eitilt as a stuaim féin ach cuireann sé an dubh ina gheal orthu go léir!

Is laochscéal beag deas é seo do pháistí san aoisghrúpa 4 – 8. Is scéal simplí, greannmhar dea-scríofa é faoi conas is féidir snámh in aghaidh an tsrutha agus tá ceacht tábhachtach le foghlaim ann: is féidir le gach duine a bheith ina laoch sa saol má tá sé/sí cróga go leor. Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí deasa, daite ag Mary agus Emma Gilleece. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach sa rang do pháistí bunscoile san aoisghrúpa 4 – 8.

Ceist na seachtaine seo: Ainmnigh údar an leabhair ‘Sicín’?

• Éilís Ni Dhuibhne
• Ríona Ní Congáil
• Máiréad Mag Uidhir
• Anna Heussaff

Seol freagraí agus ainm do scoile chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 25 Deireadh Fómhair 2012 agus bíodh na focail “Comórtas Gaelport” mar ábhar an ríomhphoist.

Táimid fíorbhuíoch do Chomharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teoranta a bhronn an duais iontach seo orainn. Comhghairdeas le Pilib O Duinn a bhuaigh cóip den leabhar Cruinnscríobh na Gaeilge san eagrán seo caite.

Foilsithe ar Gaelport.com